Lagiolra agus traniolra T dh shaghas iolra ann

  • Slides: 8
Download presentation
Lagiolraí agus tréaniolraí Tá dhá shaghas iolra ann sa Ghaeilge – lagiolra agus tréaniolra.

Lagiolraí agus tréaniolraí Tá dhá shaghas iolra ann sa Ghaeilge – lagiolra agus tréaniolra. Tá sé an-éasca a dhéanamh amach cén ceann atá i gceist mar níl ann ach dhá shaghas lagiolra: Lagiolra: (1) Focal a gcuirtear –a leis chun an iolra a aimsiú e. g. cos – cosa; lámh – lámha; úll – úlla (2) Focal a chaolaítear chun an iolra a aimsiú e. g. crann – crainn; fear – fir; leibhéal – leibhéil Is tréaniolraí iad gach saghas iolra eile. e. g. deartháir – deartháireacha cailín – cailíní cathaoir – cathaoireacha doras – doirse tír – tíortha etc.

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 1 Cuir na focail seo a leanas san uimhir iolra

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 1 Cuir na focail seo a leanas san uimhir iolra agus abair an bhfuil siad lag nó tréan. Tá an chéad cheann déanta duit. Focal crann ríomhaire gluaisteán gloine guthán bróg bainisteoir fuinneog tine gairdín scoil cnoc aiste rang mac Uimhir iolra crainn Lagiolra √ Tréaniolra

Lagiolraí agus tréaniolraí Anois tá tú ábalta a rá cé acu an bhfuil lagiolra

Lagiolraí agus tréaniolraí Anois tá tú ábalta a rá cé acu an bhfuil lagiolra nó tréaniolra i gceist ach cad a dhéanfaidh tú leis an eolas sin? Tá an lagiolra agus an tréaniolra tábhachtach don tuiseal ginideach uimhir iolra. Níl sé tábhachtach in aon chás eile. Cén rud é an tuiseal ginideach uimhir iolra? Féach an difríocht idir an dá abairt seo: obair an mhúinteora (the teacher’s work) obair na múinteoirí (the teachers’ work) Tá an dá cheann sa tuiseal ginideach tá an dara ceann sa tuiseal ginideach uimhir iolra. Féach na samplaí eile seo: ag ithe an cheapaire (eating the sandwich) ag ithe na gceapairí (eating the sandwiches) timpeall an tí (around the house) timpeall na dtithe (around the houses) trasna na páirce (across the field) trasna na bpáirceanna (across the fields)

Lagiolraí agus tréaniolraí Chun focal a chur sa tuiseal ginideach uimhir iolra caithfidh tú

Lagiolraí agus tréaniolraí Chun focal a chur sa tuiseal ginideach uimhir iolra caithfidh tú fios a bheith agat an bhfuil iolra lag nó tréan aige. Mar seo a oibríonn sé: Má tá tréaniolra i gceist fanfaidh an focal mar a chéile sa tuiseal ginideach iolra is a bhí sé sa ghnáthuimhir iolra. Mar shampla: an deartháir → na deartháireacha (tréaniolra) → → ainmneacha na ndeartháireacha Mar a fheiceann tú níor tháinig aon athrú ar ‘deartháireacha’ seachas go bhfuil urú ann. Má tá lagiolra i gceist ní fhanfaidh an focal mar a chéile – titfidh sé ar ais go dtí an tslí a raibh sé san uimhir uathu! Mar shampla: An cnoc → na cnoic (lagiolra) → ag siúl na gcnoc D’athraigh ‘cnoic’ ar ais go dtí ‘cnoc’ (agus cuireadh urú air). Smaoinigh mar seo air: Tá lagiolra rólag chun an fhoirm san iolra a choimeád – titeann sé ar ais faoi mar a bhí sé san uathu.

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 2 Bain triail as an gcleachtadh seo thíos. Cuir an

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 2 Bain triail as an gcleachtadh seo thíos. Cuir an leagan ceart den fhocal sna colúin. Tá an chéad cheann déanta duit. Uathu Iolra Lag nó tréan? Ginideach iolra cnoc cnoic lag cnoc bord seomra geansaí bóthar peann leabhar bliain siopa urlár

Lagiolraí agus tréaniolraí Tá rud amháin eile a chaithfidh a bheith ar eolas agat

Lagiolraí agus tréaniolraí Tá rud amháin eile a chaithfidh a bheith ar eolas agat mar gheall ar an tuiseal ginideach uimhir iolra agus is é sin go mbíonn urú ag teastáil ar chonsain. . . Bhí sí ag múineadh na ndaltaí. Bhí sé ag scríobh na dtuairiscí. . agus bíonn n- ag teastáil ar ghutaí Bhí sí ag ní na n-úll. Bhí sí ag comhaireamh na n-oícheanta go dtí go dtiocfadh sé abhaile. ACH An t-aon chúis go bhfuil urú nó n- ag teastáil ná toisc go bhfuil an t-alt ann. Mura mbeadh an t-alt ann ní bheidís ag teastáil. . . Bhí sí ag múineadh daltaí. Bhí sé ag scríobh tuairiscí. Bhí sí ag ní úll. Bhí sí ag comhaireamh oícheanta.

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 3 An féidir leat Gaeilge a chur ar na habairtí

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 3 An féidir leat Gaeilge a chur ar na habairtí seo? Beidh an tuiseal ginideach uimhir iolra ag teastáil i ngach cás. 1. I spent the day reading the textbooks. 2. I was reading the poems. 3. I was calling out the names from the list. 4. Will you be knocking these walls? 5. Where is the teachers’ room? 6. What are the students’ names?

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 4 Tá go leor éagsúlachta sna rialacha a bhaineann leis

Lagiolraí agus tréaniolraí cleachtadh 4 Tá go leor éagsúlachta sna rialacha a bhaineann leis na huimhreacha pearsanta sna Gaeltachtaí difriúla. Ach tá riail amháin shimplí ann sa chaighdeán. Is é sin, leanann an tuiseal ginideach uimhir iolra na huimhreacha pearsanta. Sampla den tréaniolra Sampla den lagiolra dalta amháin *beirt dhaltaí triúr daltaí ceathrar daltaí cúigear daltaí seisear daltaí seachtar daltaí ochtar daltaí naonúr daltaí deichniúr daltaí mac amháin *beirt mhac triúr mac ceathrar mac cúigear mac seisear mac seachtar mac ochtar mac naonúr mac deichniúr *Bíonn séimhiú i gcónaí i ndiaidh ‘beirt’. Abair na rudaí seo as Gaeilge: 1. Two farmers 2. Five teachers 3. Four nurses 4. Eight men