• Tréithe Lisín Is duine uaillmhianach í Lisín. Tá airgead agus stádas tábhachtach di. Tá saol na mná saibhre aici. Tá an chosúlacht ann go bhfuil sí sásta. • Is duine foirfe í Lisín. Tá teach foirfe, néata agus galánta aici. Tá cuma foirfe uirthi féin. Tá sí faiseanta, dathúil, tanaí agus níos áille ná aon bhean eile ar an mbóthar. • Is duine gnóthach agus údarásach í Lisín. Bíonn sí ag eagrú a saol agus saol an teaghlaigh. Tá cóisir fhoirfe á
• Tréithe Phóil Is duine saibhir é Pól. Ní raibh a lán airgid aige nuair a bhuail sé le Lisín den chéad uair ach tá sé saibhir anois. Tá airgead agus stádas an- tábhachtach do Phól freisin. • Is duine rathúil é Pól. Is léachtóir le gnó é agus tá infheistíocht mhaith déanta aige. Déanann sé a chuid airgid as stoc, tithe agus
• Tréithe Ruáin Is é Ruán an mac is sine atá ag Lisín agus Pól. Tá sé ocht mbliana déag d'aois. Níl gaol maith aige lena mháthair Lisín. Cuireann a mháthair a lán brú air agus tá sé míshona dá bharr. • Níl Ruán ag súil leis an gcóisir ach deir sé lena mháthair go bhfuil. Níl gaol
Téama an scéil Tá cur síos aerach, magúil ar Lisín agus ar a teaghlach in Ascaill na Fuinnseoige sa chéad chaibidil den leabhar Hurlamaboc le hÉilis Ní Dhuibhne'. Is é an saol teaghlaigh agus an saol atá ag mná saibhre téama an tsleachta. Is cosúil go bhfuil saol foirfe ag Lisín agus tá cuma agus airgead an-tábhachtach di. Is duine údarásach í Lisín agus is maith léi smacht a bheith aici ar gach gné dá saol. Is cosúil, áfach, nach bhfuil smacht iomlán aici ar gach rud agus nach bhfuil gaol mácanta aici lena mac