Sraith Pictir 1 An Phictirlann Pictir 1 An

  • Slides: 5
Download presentation
Sraith Pictiúr 1 An Phictiúrlann

Sraith Pictiúr 1 An Phictiúrlann

Pictiúr 1 � An Aoine a bhí ann. � Ar a cúig a chlog

Pictiúr 1 � An Aoine a bhí ann. � Ar a cúig a chlog bhí Seán agus Máire sa seomra suí ag déanamh a n-obair bhaile. � Bhí siad fós ag caitheamh a n-éadaí scoile. � Bhí Seán ag léamh a leabhar Staire. � Bhí sé sásta mar ba é Stair an t-ábhar is fearr leis. � Bhí Máire ag scríobh scéil Bhéarla. � Bhí sé an-leadránach di mar níor thaitin Béarla léi. � Seomra suite deas a bhí ann. � Bhí pictiúr agus clog ar an mballa agus bhí lampa sa chúinne.

Pictiúr 2 �Ar leathuair tar éis a cúig, ghlaoigh fón póca Mháire. �Sinéad a

Pictiúr 2 �Ar leathuair tar éis a cúig, ghlaoigh fón póca Mháire. �Sinéad a bhí ann. �Bhí Sinéad i rang Mháire agus bhí sí anchairdiúil. �Bhí áthas ar Mháire. �Bhí sí ag caint le Sinéad ar feadh deich nóiméad. �Bhí Sinéad ag iarraidh dul go dtí an phictiúrlann agus chuir sí ceist ar Mháire dul leí. �Bhí Seán fós ag déanamh a obair bhaile Mata.

Pictiúr 3 �Ansin, scríobh Máire ríomhphost ar an ríomhaire chuig a Mam. �Dúirt sí

Pictiúr 3 �Ansin, scríobh Máire ríomhphost ar an ríomhaire chuig a Mam. �Dúirt sí go raibh sí agus Seán ag dul go dtí an phictiúrlann sa bhaile mór le Sinéad. �Bhí sceitimíní uirthi.

Pictiúr 4 � Chuir Máire agus Seán éadaí eile orthu agus d’fhág siad an

Pictiúr 4 � Chuir Máire agus Seán éadaí eile orthu agus d’fhág siad an teach ar a sé a chlog agus fuair siad an bus go dtí an baile mór. � Bhuail siad le Sinéad in aice leis an bpictiúrlann. � Bhí sí ag caitheamh cóta álainn. � Bhí áthas ar na páistí. � Chuaigh siad isteach agus d’fhéach siad ar an scannán “Bee Movie”. � D’ith siad milseán agus pop-arbhair agus d’ól siad seacht suas. � Bhí an scannán an-mhaith. � Tar éis an scannáin d’fhág Máire agus Seán slán le Sinéad agus chuaigh siad abhaile.