Sraith 2015 Sraith 17 Pictir 1 1 T

  • Slides: 8
Download presentation
Sraith 2015 Sraith 17

Sraith 2015 Sraith 17

Pictiúr 1 – 1. Tá an sraith seo bunaithe ar Sheó Tallaine. 2. Leagtar

Pictiúr 1 – 1. Tá an sraith seo bunaithe ar Sheó Tallaine. 2. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad phictiúr nuair a fheicimid buachaillí ag breathnú ar fhógra faoi Seó Tallaine Áitiúil. 3. Tá duais míle euro le fáil agus ceapann Pól gur duais an-mhaith é sin. 4. Feictear sceitimíní an domhain ar na leaids. 5. Tuigeann siad go bhfuil seans acu sa seó toisc go seinneann siad ceoil. 6. Socraíonn siad triail a bhaint as an gcomórtas.

Pic 2 1. Forbraítear an scéal sa dara phictiúr le na buachaillí ag cleachtadh

Pic 2 1. Forbraítear an scéal sa dara phictiúr le na buachaillí ag cleachtadh go dian díograiseach le chéile. 2. Tá ceathrar ceoltóir sa ghrúpa. 3. An Criú Craiceálte an t-ainm atá ar an m. Banna. 4. Is léir gur chaith siad trí mhí ag cleachtadh don chomórtas, Feabhra, Márta agus Aibreán. 5. Seinneann na buachaillí uirlisí difriúla, na drumaí, an giotár agus an veidhlín chomh maith leis an bpríomhamhránaí ag canadh. 6. Gléasann siad féin in éadaí compordacha.

Pic 3 1. Forbraítear an scéal níos mó sa chéad leath den phictiúr le

Pic 3 1. Forbraítear an scéal níos mó sa chéad leath den phictiúr le na buachaillí ag cleachtadh. 2. Éisteann an múinteoir ceoil leis an mbanna go cúramach. 3. Ceapann sé go bhfuil feabhas mór tagtha orthu ach go cúpla rud fós le ceartú acu. 4. Sa dara leath, is léir go bhfuil oíche chinniúna an seó tagtha. 5. Tá an slua mór os comhair an halla ar bís chun an tallann áitiúil go léir a fheiceáil. 6. Is dócha go bhfuil na buachaillí ag tnúth go mór leis.

Pic 4 1. Is dócha go bhfuil an seó tosaithe. 2. Feictear an láithreoir

Pic 4 1. Is dócha go bhfuil an seó tosaithe. 2. Feictear an láithreoir ar an stáitse sa chéad leath. 3. Gléasann an fear in éadaí faiseanta. 4. Níl dabht ar bith ach go bhfuil an halla dubh le daoine idir óg agus aosta. 5. Feicimid an Criú Craiceálte faoi lán-sheoil sa dara leath den phictiúr. 6. Taitíonn an ceol leis an lucht éisteachta.

Pic 5 1. Sa phictiúr seo, is léir go bhfuil an mbua ag na

Pic 5 1. Sa phictiúr seo, is léir go bhfuil an mbua ag na buachaillí sa chomórtas. 2. Bronann an láithreoir seic do € 1000 ar na buachaillí. 3. Gabhann siad buíochas le gach duine in oráid ar an stáitse. 4. Feictear lúchair an domhain ar aghaidh gach duine anseo. 5. Is cinnte go bhfuil bród ar na mbuachaillí as an mbua iontach seo. 6. Is iomaí rud gur féidir leo a dhéanamh leis an airgead. 7. Cleachtadh a dhéanann máistreacht, mar a deirtear.

Pic 6 1. Críochnaíonn an scéal ar nóta iontach. 2. Sa cheád leath feicimid

Pic 6 1. Críochnaíonn an scéal ar nóta iontach. 2. Sa cheád leath feicimid na leaids sa siopa ceoil ‘An Fonn Mall’ ag ceannach uirlisí nua dóibh féin. 3. Gabhann an bainisteoir comghairdeas leis an mbanna agus insíonn sé dóibh go bhfuil an-chuid earraí ar leathphraghas toisc go bhfuil sladmhargadh ar siúl. 4. Tá dhá giotár le feiscint ar an mballa, is iontach an rogha atá acu. 5. Sa dara leath feicimid buachaill amháin, buachaill ciallmhar is dócha, ag cur a chuid den seic i dtaisce sa bhanc. 6. A léithéid de taithí atá ag na mbuachaillí anois!

Ceisteanna 1. Ca bhfuil an banna sa dara leath de phic 4? 2. Cé

Ceisteanna 1. Ca bhfuil an banna sa dara leath de phic 4? 2. Cé mhéad duine atá sa ghrúpa I bpic 2? 3. Ca bhfuil an buachaill ag dul sa dara leath de phic 6? 4. Cé mhéad airgid atá I gceist sa chomórtas? 5. Cén t-ainm atá ar an ngrúpa? 6. Cén t-ainm atá ar an siopa ceoil? 7. Conas atá an láithreoir gléasta? 8. Conas a mhothaíonn na leaids I bpic 5? 9. Cé mhéad duine atá I bpic 1? 10. Cén áit a ndeachaigh na buachaillí sa cheád leath de phic 6?