Saol Sisialta Dn Ramhobair Fach ar an dn
Saol Sóisialta - Dán Réamhobair Féach ar an dán seo le Máirtín Ó Direáin. Cuir líne faoi gach focal nach bhfuil tú cinnte faoi. Roghnaigh an pictiúr ceart a léiríonn téama an dáin. Fear Lasta Lampaí Ní raibh sé mór an fear, Níor dheas a bhí ach gránna Is cóip an bhaile mhóir, Ag fonóid faoi gan náire. Ach ghluais gan mhairg fós Is ar chuaillí chuaigh in airde. Ba dhraíodóir an fear beag, A raibh solas ina ghlaic, É ag tabhairt na gile leis, Ó lampa go lampa sráide.
Saol Sóisialta - Dán Léigh an dán arís. Fear Lasta Lampaí Ní raibh sé mór an fear, (fear beag a bhí ann) Níor dheas a bhí ach gránna (ní raibh sé dathúil) Is cóip an bhaile mhóir, (daoine drochbhéasacha) Ag fonóid faoi gan náire. (ag magadh faoi) Ach ghluais gan mhairg fós (lean sé leis) Is ar chuaillí (poles) chuaigh in airde. (chuaigh sé suas na cuaillí) Ba dhraíodóir an fear beag, (bhí draíocht ag baint leis) A raibh solas ina ghlaic, (bhí solas ina lámh aige) É ag tabhairt na gile leis, (bhí an solas á thabhairt leis aige) Ó lampa go lampa sráide. Léamh
Saol Sóisialta - Dán Scríobh Ceangail na mothúcháin ar chlé leis na samplaí cuí ar dheis. Na mothúcháin Samplaí 1. Díomá a) ‘Ach ghluais gan mhairg fós / Is ar chuaillí chuaigh in airde’ 2. Trua b) ‘É ag tabhairt na gile leis / Ó lampa go lampa sráide’ 3. Uaigneas c) ‘Ba dhraíodóir an fear beag’ 4. Meas d) ‘Is cóip an bhaile mhóir’ 5. Ionadh 1 e) ‘Níor dheas a bhí ach gránna’ 2 3 4 5 Anois scríobh cúpla líne faoin dán ag úsáid na samplaí thuas agus na struchtúir thíos: Tá díomá / ionadh ar an bhfile mar deir sé. . . Tá uaigneas le mothú sa dán mar. . . Is léir go bhfuil meas ag an bhfile ar obair an fhir mar. . . Feictear dom go bhfuil trua ag an bhfile don fhear mar. . .
Saol Sóisialta - Dán Iarphlé 1. Roghnaigh an mothúchán is fearr ón mbosca a dhéanann cur síos ar na cásanna éagsúla thíos. uaigneas eagla brón fearg náire Ø An chéad lá ar scoil. Ø Cuireann an duine a bhfuil tú ag dul amach leis/léi deireadh leis an gcaidreamh. Ø Insíonn do chara is fearr bréag. Ø Titeann tú os comhair gach duine. Ø Níl aon duine ag caint leat ag cóisir. 2. Cad a bhí ag an duine in aice leat? 3. Breac síos 3 chás a raibh ceann de na mothúcháin thuas ort féin. 4. Cuir an cheist seo ar an duine in aice leat: An raibh ______ ort riamh? Cén fáth?
- Slides: 4