OSIE Ruda beo Slabhra bia Prisis na beatha
OSIE Rudaí beo Slabhraí bia
Próisis na beatha Má tá rud beo, caithfidh sé seacht bpróiseas na beatha a chur i gcrích. Is iad seo: 1. Gluaiseacht – ábalta a chorp a bhogadh 2. Análú – gás amháin a thógáil isteach & gás eile a chur de 3. Síolrú (reproduction) – ábalta ainmhithe óga a thabhairt ar an saol 4. Cothú (nutrition) – ábalta fuinneamh a fháil as bia
Próisis na beatha 5. Fás – fuinneamh a úsáid chun fás & chun cealla loite a dheisiú 6. Mothálacht (sensitivity) – céadfaí, m. sh. boladh & blas, a úsáid chun eolas a fháil ar an domhan mórthimpeall 7. Eisfhearadh (excretion) – fuíolltáirge bia a chur de
Táirgeoirí Ní féidir le rud beo maireachtáil gan fuinneamh. Úsáidtear an fuinneamh seo i ngach cuid dá shaol – fás, gluaiseacht, análú, fiú. Faigheann plandaí fuinneamh ón ngrian. Cabhraíonn an dath glas sna duilleoga leo an fuinneamh seo a cheapadh (trap). Tugaimid an téarma táirgeoirí (producers) ar phlandaí mar go gcruthaíonn siad fuinneamh ón ngrian. Feamainn
Tomhaltóirí Is tomhaltóirí iad na hainmhithe uile mar gur gá dóibh bia a tháirgeann ainmhithe eile nó a tháirgeann plandaí, a ithe. Is féidir tomhaltóirí a roinnt ina dtrí ghrúpa: 1. Luibhiteoirí (herbivores) 2. Feoiliteoirí (carnivores) 3. Uiliteoirí (omnivores) (consumers)
Luibhiteoirí Faigheann ainmhithe a gcuid fuinnimh trí bhia a ithe. Itheann roinnt ainmhithe plandaí. Luibhiteoirí an téarma a thugaimid ar na hainmhithe seo. Is féidir tomhaltóirí tosaigh a thabhairt orthu freisin. Is iasc luibhiteach é carbán (carp).
Feoiliteoirí Itheann roinnt ainmhithe eile. Feoiliteoirí an téarma a thugaimid ar na hainmhithe seo. Is féidir tomhaltóirí tánaisteacha a thabhairt orthu freisin mar go -itheann siad tomhaltóirí. Is feoiliteoirí iad piongainí. n
Uiliteoirí Itheann roinnt ainmhithe plandaí agus ainmhithe eile. Uiliteoirí an téarma a thugaimid ar na hainmhithe seo. Is uiliteoirí iad daoine. Is uiliteoirí iad turtair.
Creachadóirí Itheann creachadóirí (predators) ainmhithe eile. Itheann siorcanna éisc; mar sin, is creachadóirí iad. Itheann turtair éisc agus smugairlí róin - mar sin, is creachadóirí iad freisin.
Creach Tugaimid an téarma creach (prey) ar aon ainmhí a sheilgtear (is hunted) agus a mharaítear mar bhia. Is creach iad éisc mar go -itheann siorcanna iad. n
Creachadóirí agus creach Is creachadóirí agus is creach iad ainmhithe áirithe. Is creachadóir í an phiongain mar go mbeireann sí ar éisc. Ach is creach í freisin mar go n-itheann siorcanna í.
Slabhraí bia Léiríonn slabhraí bia ord an ithe dúinn. Itheann an dobharchú (otter) an t-iasc.
Slabhraí bia Tosaíonn slabhraí bia le plandaí i gcónaí, mar gur táirgeoirí iad. Ní bhíonn ach aon treo amháin i gceist le slabhraí bia. Creidiúint: Sue Pizarro Itheann an fhaocha ghliomaigh (hermit crab) an fheamainn; itheann an t-ochtapas an fhaocha ghliomaigh.
Slabhra bia 1 An ghrian Fíteaplanctón Zóplanctón Míol mór gorm
Slabhra bia 2 An ghrian Siorc tíograch Fíteaplanctón Turtar ceannramhar (loggerhead) Zóplanctón Smugairle róin
Slabhra bia 3 An ghrian Fíteaplanctón Rón Zóplanctón Scadán (herring)
Slabhra bia 4 An ghrian Fíteaplanctón Zóplanctón Siorc Rón Ronnach (mackerel)
Slabhra bia 5 An ghrian Dobhrán mara (sea otter) Fíteaplanctón Ochtapas Zóplanctón Portán
Barr shlabhra an bhia Ní bhíonn creachadóir ar bith ag roinnt ainmhithe agus deirimid go bhfuil na hainmhithe seo ag barr shlabhra an bhia. Ní dhéanann ainmhí ar bith seilg ar an siorc – mar sin, tá sé ag barr shlabhra an bhia. Deirimid go bhfuil daoine ag barr shlabhra an bhia freisin.
Bia-eangacha Itheann formhór na gcreachadóirí níos mó ná sórt amháin bia. Itheann níos mó ná ainmhí amháin an creach céanna. Itheann an siorc mór bán tuinnín (tuna), rón, turtar mara agus a lán ainmhithe eile. Itheann míolta gorma, ribí róibéis (shrimps), smugairlí róin agus ainmhithe eile planctón. (food webs)
Bia-eangacha Léiríonn bia-eangacha na rudaí a itheann ainmhithe. Léiríonn siad go mbíonn líon creachadóirí ag gach creach agus go n-itheann creachadóirí réimse (range) creiche.
Beidh an chuma seo ar do bhia-eangach Léaráid 1 siorc tíograch (shrimp) smugairle róin (jellyf) zóplanctón fíteaplanctón An ghrian (sun) diúilicíní (mussels) turtar mara crosóg mhara (starf) portán (crab) ribe róibéis roc an gha nimhe (stingray)
Má bhriseann an slabhra … Sa slabhra bia, braitheann na rudaí beo ar a chéile chun maireachtáil. Má theipeann ar bhall amháin den slabhra bia, gheobhaidh na hainmhithe a itheann é bás nó beidh orthu creach eile a aimsiú. Má aimsíonn siad creach eile, seans go mbeidh tionchar aige seo ar shlabhra bia eile.
Má bhriseann an slabhra … Tá sé an-tábhachtach go ndéanfadh an cine daonna cinnte de nach ndéanann siad dochar do shlabhraí bia agus go n-itheann siad bia a aimsíodh ar bhealach inbhuanaithe (sustainable). Má athraíonn truailliú nó téamh domhanda an timpeallacht, tá baol ann go rachaidh ainmhithe áirithe in éag (become extinct) agus beidh tionchar aige seo ar shlabhraí bia. Ba chóir duinn ár ndícheall a dhéanamh chun gnáthóga, slabhraí bia agus na hainmhithe a bhraitheann orthu, a chosaint.
- Slides: 24