OSIE Ruda beo Ainmhithe a rang classify Cinelacha
OSIE Rudaí beo Ainmhithe a rangú (classify)
Cineálacha éagsúla ainmhithe Tá suas le 3 mhilliún cinéal ainmhithe ar thalamh an domhain agus in aigéin an domhain! Má theastaíonn ó eolaithe ainmhithe a aithint, cuireann siad i ngrúpaí iad chun comparáid a dhéanamh idir iad agus ainmhithe atá cosúil leo. Creidiúint: sergio venturi
Grúpaí ainmhithe Seo thíos roinnt de na grúpaí: Éisc Éin Mamaigh Crústaigh Reiptílí Feithidí
Éisc Cónaíonn éisc in uisce. Úsáideann siad a n-eireaball agus a n-eití (fins) chun snámh a dhéanamh. Bíonn dathanna gleoite ar roinnt iasc. Tá éisc áirithe an-mhór, tá cinn eile beag bídeach. Tá an míolsiorc níos faide ná bus ach tá éisc eile ann atá níos lú ná d’ionga! Ainmnigh cinéalacha éagsúla iasc.
Éin Bíonn cleití agus sciatháin ar éin. Is féidir le formhór na n-éan eitilt. Is snámhaithe iontacha iad roinnt éan freisin. Go hiondúil, cónaíonn éin i nead agus is ann a bheireann siad uibheacha. Itheann siad a lán bianna éagsúla; itheann éin áirithe feithidí; itheann éin eile éisc agus itheann éin eile ainmhithe móra m. sh. fia! Ainmnigh cinéalacha éagsúla éan.
Mamaigh Is grúpa aisteach ainmhithe iad na mamaigh. Tá a gcuid fola teolaí agus tá fionnadh (gruaig) orthu. Is mamaigh iad daoine. Is mamaigh iad cait, moncaithe, tíogair agus míolta freisin! Is féidir le roinnt mamach cónaí in uisce ach cónaíonn formhór na mamach ar thalamh. Ainmnigh cineálacha éagsúla mamach.
Crústaigh Go hiondúil, bíonn cónaí ar chrústaigh in uisce. Tá blaosc chrua orthu taobh amuigh den chorp. Cosnaíonn an bhlaosc iad. Tá cúig phéire géag acu agus tá crúba ar chrústaigh áirithe. Úsáideann siad na crúba chun breith ar bhia. Ainmnigh cineálacha éagsúla crústach.
Reiptílí Tá reiptílí ar na hainmhithe is sine ar an bpláinéad. Bhí cineálacha áirithe reiptíle ar domhan sula raibh na dineasáir ann! Tá craiceann gainneach (scaly) ar reiptílí. Tá blaosc ar roinnt reiptílí. Is féidir leo maireachtáil in uisce nó ar thalamh. Ainmnigh cineálacha éagsúla reiptílí.
Ainmhithe a ghrúpáil Tá na trí ainmhí seo san aon fhine (family) amháin. Fine na reiptílí atá i gceist. An bhfeiceann tú cosúlachtaí eatarthu?
Ainmhithe a ghrúpáil Tá na trí ainmhí seo san aon fhine amháin. Fine na gcrústach atá i gceist. An bhfeiceann tú cosúlachtaí eatarthu?
Ainmhithe a ghrúpáil Tá na trí ainmhí seo san aon fhine amháin. Fine na mamach atá i gceist. An bhfeiceann tú cosúlachtaí eatarthu?
Ainmhithe a ghrúpáil Tá na ceithre ainmhí seo san aon fhine amháin. Fine na n-iasc atá i gceist. An bhfeiceann tú cosúlachtaí eatarthu?
Ainmhithe a ghrúpáil Is é seo an t-aon sampla amháin ó fhine áirithe. Fine na n-éan atá i gceist. Cá bhfios duit gur éan é?
- Slides: 13