Inis Orr Saol an Oilein C bhfuil Inis
Inis Oírr: Saol an Oileáin
Cá bhfuil Inis Oírr? Tá Inis Oírr in iarthar na tíre. Tá sí suite amach ó chósta na Gaillimhe.
Tá Inis Oírr in Árainn. Inis Mór Inis Meáin Inis Oírr Oileáin Árann Tá trí oileán faoi leith in Árainn. Is í Inis Oírr an t-oileán is lú agus is cóngaraí don mhórthír. Achar de 10 km 2 atá inti agus níl sí ach 8 km amach ó Chontae an Chláir. Is oileán Gaeltachta í Inis Oírr. Is í an Ghaeilge teanga labhartha na ndaoine ann.
Conas a bhainfeá Inis Oírr amach, meas tú? Is féidir eitilt go h. Inis Oírr le h. Aer Árann. Tá aerstráice ar an oileán, áit ar féidir leis na heitleáin tuirlingt. Is féidir bád farantóireachta a fháil chuig an oileán ó Ros an Mhíl i g. Co. na Gaillimhe nó ó Dhúlainn i g. Co. an Chláir.
Daonra an Oileáin Timpeall 250 duine atá ina gcónaí in Inis Oírr. Tá tuilleadh eolais faoin daonra le fáil ar an suíomh: http: //irishislands. info/oirr. h tml
Scoileanna an Oileáin Seo í Scoil Chaomháin, an bhunscoil in Inis Oírr. Tá 17 ndalta ag freastal ar Scoil Chaomháin. Tá meánscoil ar an oileán freisin a bhfuil 25 dalta ag freastal uirthi.
Córas Iompair an Oileáin Carranna Seirbhís iompar poiblí Rothair Tarracóirí Capaill agus cairteacha Cosa!
Tírdhreach an Oileáin Tá ballaí cloiche le feiceáil i ngach áit ar an oileán. Is de lámh a rinneadh iad. Tá trá bhreá ann agus radhairc áille le fáil ar an tírdhreach i ngach cuid den oileán.
Tithe an Oileáin Tithe scoite den chuid is mó atá ar an oileán.
Fostaíocht ar an Oileán Bíonn formhór na ndaoine ar an oileán ag plé le cúrsaí turasóireachta. I measc na seirbhísí atá ar fáil do thurasóirí tá tithe lóistín, bialanna, caiféanna agus tithe tábhairne. Is féidir rothair a fháil ar cíos freisin nó taisteal thart ar an oileán le capall agus cairt.
Fostaíocht ar an Oileán Tá feirm bheag ag formhór na dteaghlach ar an oileán. Cuireann siad prátaí agus glasraí eile san earrach. Téann na hoileánaigh ag iascaireacht sna curacha.
Turasóireacht ar an Oileán Tagann a lán turasóirí go h. Inis Oírr gach bliain, go háirithe sa samhradh. Nithe éagsúla a mheallann chuig an oileán iad, na radhairc áille, an saol ciúin, an ceol Gaelach agus na foirgnimh stairiúla, mar shampla. Tagann go leor daoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim freisin.
Seirbhísí ar an Oileán Tá siopa grósaera amháin in Inis Oírr. Tá oifig an phoist ar an oileán agus bíonn seirbhísí bainc ar fáil ansin uair sa mhí. Tá séipéal agus ionad ealaíne in Inis Oírr freisin. Áras Éanna atá ar an ionad ealaíne. Tá amharclann, caifé agus gailearaí in Áras Éanna agus cuirtear drámaí agus ceolchoirmeacha ar siúl ann go minic. Tá dochtúir, banaltra agus sagart ina gcónaí in Inis Oírr.
Seirbhísí do Dhaoine Óga I measc na gclubanna atá ar fáil ar an oileán do dhaoine óga tá club óige, club CLG, club júdó agus craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá áit súgartha ar an oileán do pháistí óga freisin.
Léarscáil an Oileáin Seo léarscáil d’Inis Oírr. Tá cuid de phríomhghnéithe an oileáin marcáilte uirthi. Cén áit ar an oileán a bhfuil an ché? Tá an ché i dtuaisceart an oileáin.
Léarscáil an Oileáin Cén áit ar an oileán a bhfuil an loch? Tá an loch in oirthear an oileáin.
Léarscáil an Oileáin Cén áit ar an oileán a bhfuil an trá? Tá an trá i dtuaisceart an oileáin.
Léarscáil an Oileáin Cén áit ar an oileán a bhfuil an teach solais? Tá an teach solais i ndeisceart an oileáin.
Léarscáil an Oileáin Cén áit ar an oileán a bhfuil an t-aerstráice? Tá an t-aerstráice i dtuaisceart an oileáin.
Léarscáil an Oileáin Cén áit ar an oileán a bhfuil an caisleán? Tá an caisleán suite siar ón loch. Is féidir léarscáil den oileán a fháil ar an suíomh seo: http: //maps. nationalgeographic. com/map-machine
Céard iad na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir Inis Oírr agus do cheantarsa? Smaoinigh ar na gnéithe seo a leanas: Fostaíocht Seirbhísí Tithe Tírdhreach Modhanna iompair Scoileanna
Céard iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an saol ar an oileán, meas tú? Smaoinigh ar na gnéithe seo a leanas: Easpa seirbhísí Uaigneas Saol ciúin Cúrsaí taistil Tírdhreach álainn Daoine cairdiúla Easpa tráchta
Tuilleadh eolais le fáil ar na suíomhanna seo: http: //irishislands. info/oirr. html http: //www. inisoirr-island. com/ http: //araseanna. ie/
Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí a leanas a chuir grianghraif ar fáil do na sleamhnáin seo: Cleas Teoranta Scoil Chaomháin John Chambers R Ishida Íomhánna eile: Shutterstock Oxford University Press Christine Warner Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2013 An Gúm, 24 -27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1
- Slides: 25