Gibheann Le Caitln Maude omhnna Pictir Varsa a
Géibheann Le Caitlín Maude
Íomhánna/ Pictiúr Véarsa a haon
Ainmhí Fiáin
An Áit- na teochreasa
Áilleacht an t-ainmhí
Ag búiríl!
Eagla ar gach ainmhí eile
Íomhánna/ Pictiúr Véarsa a dó
Sa zú
Míshásta agus míshona
An dán Véarsa a haon Ainmhí bródúil, álainn, láidir, cáiliúil agus allta. Saor Dínit Rí ón Méanchiorcal Cumhachtach Véarsa a dó Ainmhí míshona, míshásta, brónach, éadóchasach agus gan alltacht. Níl a shaoirse aige. Gan dínit Is taispeántas é sa zú anois.
An dán Véarsa a haon Véarsa a dó
Le Staidéar �Teideal �File �Téama �Mothúchán Géibheann - captivity Caitlín Maude, file, aisteoir géibheann, saoirse agus daoirse brón, frustrachas, leadrán, saoirse, daoirse, uaigneas, gruama �Teicníc Íomhánna, codarsnacht �Ar thaitin an dán leat?
Téama �Téama – Is é saoirse téama an dáin seo, Géibheann le Caitlín Maude. Tá an t-ainmhí, leon b’fhéidir, i ngéibheann sa zú. Tá sé an-bhrónach. Uair amháin bhí sé saor sna teochreasa, ag rith, ag búiríl agus ag cur eagla ar gach rud. ‘ainmhí mé, ainmhí allta’ / ‘chrothfinn crainnte na coille’. �Ach anois, sa zú níl aon rud aige ach crann amháin. Níl aon rud le déanamh aige. Ba mhaith leis bheith saor arís ach ní ligeann aon duine amach é. ‘breathnaím trí leathshúil’ / ‘ach mé a ligean amach’. �Mar sin is léir gurb é saoirse téama an dáin seo.
Mothúchán �Is iomaí mothúcháin atá sa dán seo Géibheann le Caitlín Maude. Tá bród, áthas, fuinneamh agus frustrachas ann. Ach is é brón an mothúchán is láidre sa dán dar liom. �Úsáideann an file codarsnacht chun an brón a léiriú. I véarsa 1 bhí an t-ainmhí saor agus áthasach sna teochreasa… ‘ainmhí allta as na teochreasa’ ach i véarsa 2 bhí sé i ngéibheann sa zú. Ní raibh aon rud le déanamh aige…. ‘ach anois luím síos’ agus ní raibh aon spás aige. Bhí brón an domhain air. Ba mhaith leis bheith saor ach ní raibh aon seans aige…. ‘tagann na céadta daoine…. . ach mé a ligean amach’. �Mar sin is léir gurb é brón an mothúchán is láidre sa dán.
An maith leat an dán…cén fáth? �Is maith liom an dán seo, Géibheann le Caitlín Maude. Bhain mé taitneamh as. Is dán gearr é ach tá teachtaireacht láidir ann. �Tá a lán íomhánna suimiúla sa dán, chomh maith le codarsnacht. Ar dtús bhí an t-ainmhí saor agus áthasach ‘cliú agus cáil ar mo scéimh’ ach ag an deireadh bhí sé brónach sa zú, ‘ach anois luím síos…’ � Bhain mé taitneamh as an gcodarsnacht agus na híomhánna sa dán seo.
- Slides: 16