Fionn agus an Fathach Gaelscoil Phdraig Naofa Mnteoir
- Slides: 13
Fionn agus an Fathach Gaelscoil Phádraig Naofa Múínteoir Aisling
Fionn agus an Fathach • Fadó fadó in Éirinn bhí fathach ann darbh ainm Fionn mac Cumhaill. • Bhí sé chomh hard le crann agus chomh láidir le capall. • Bhí sé pósta ar bhean darbh ainm Úna.
• Bhí cónaí ar Fhionn agus Úna i gcaisleáin. • Bhí an caisleán cois farraige i gcontae Aontroma. • Bhí sléibhte in aice an chaisleáin.
• Fadó fadó in Albain bhí fathach eile ann, darbh ainm Aonghas. • Bhí sé níos mó agus níos láidre ná Fionn. • “Rírá rum! Is mise an fathach is mó ar domhan” ae seisean.
• Nuair a chuala Aonghas faoi Fhionn bhí fearg air. • Rírá rum! Cá bhfuil Fionn mac Cumhaill? ” a bheic sé. • Rachaidh mé go hÉirinn amárach chun a phus a bhriseadh!”
• Nuair a chuala Fionn faoi Aonghas bhí fearg air freisin. “Cá bhfuil Aonghas? Rachaidh mé go h. Albain agus brisfidh mé a phus” ar seisean.
• Maidin amháin thosaigh Fionn ag siúl trasna na farraige go h. Albain. • Rinne sé cosán do féin as clocha. • Go tobann chonaic sé Aonghas ag teacht. “Tá an fathach sin i bhfad ró-láidir domsa” arsa Fionn leis féin. • Rith sé abhaile go tapa.
• “Cad é a dhéanfaimid? ” arsa Fionn le Úna. • “Na bac leis” arsa Úna • Tá plean maith agamsa!!!
• Rírá rum! Oscail an doras agus tabhair dom Fionn!! A bheic an fathach. • Tá Fionn imithe ag iascaireact. Tar isteach agus ól cupán tae” arsa Úna leis an fhathach.
• Nuair a bhí Aonghas ag ól cupán tae, chuala sé gáire bog ón gcliabhán. • “Rírá rum, Cad é sin” a bheic sé. • “Sin Fionn óg, ár leanbh” arsa Úna leis.
• “Rírá rum” Más é sin an leanbh, cé chomh mór atá Fionn? ” • Tháinig eagla an domhain ar Aonghas roimh Fhionn. • D’imigh sé go tapa ar ais go h. Albain, agus níor tháinig sé go hÉirinn arís riamh.
• Bhí athas an domhain ar Fhionn agus Úna. • D’imir siad cleas maith ar Aonghas!!! • Ba é Fionn sa chliabhán agus é gléasta mar leanbh.
An Deireadh Gaelscoil Phádraig Naofa Crois Mhic Lionnán