Dearadh Dantsaocht Folsfhoirmi Manufacturing Vacuum Forming Prisas Dantar

  • Slides: 12
Download presentation
Dearadh & Déantúsaíocht Folúsfhoirmiú

Dearadh & Déantúsaíocht Folúsfhoirmiú

Manufacturing – Vacuum Forming Próiséas Déantar leathán d’ábhar teirmeaplaisteach a chlampáil timpeall a chiumhaiseanna

Manufacturing – Vacuum Forming Próiséas Déantar leathán d’ábhar teirmeaplaisteach a chlampáil timpeall a chiumhaiseanna agus téitear é go néiríonn sé so-lúbtha. Ardaítear múnla teasdíonach den chruth éilithe isteach sa phlaisteach bogtha. Folmhaíonn folúschaidéal an t-aer idir an leathán agus an múnla. Déanann an brú atmaisféarach an leathán plaisteach a bhrú go dlúth thar an múnla. Ábhair Tá fáil ar leatháin Pholaistiréin ardtuinseamh ó 1 mm go 3 mm i raon dathanna mar aon le leathán trédhearcach a úsáidtear don phacáistiú bolgánach sna boscaí léirithe.

Manufacturing – Vacuum Forming Na Céimeanna a Bhaineann leis an bh. Folúsfhoirmiú 1. Ar

Manufacturing – Vacuum Forming Na Céimeanna a Bhaineann leis an bh. Folúsfhoirmiú 1. Ar dtús, déantar foirmeán as ábhar cosúil le hadhmad bog. Dealbhaítear ciumhaiseanna nó taobhanna ag fána 3º mar nuair a fhoirmítear an plaisteach thairis, is féidir an foirmeán a bhaint go réidh. 2. Déantar an foirmeán críochnaithe a shuí i meaisín folúsfhoirmithe. 3. Déantar leathán plaisteach m. sh. , polaistiréin, a chlampáil go daingean os cionn an mhúnla

Manufacturing – Vacuum Forming Próiseas Múnlaithe 4. Cuirtear na heilimintí téimh ar siúl agus

Manufacturing – Vacuum Forming Próiseas Múnlaithe 4. Cuirtear na heilimintí téimh ar siúl agus éiríonn an plaisteach níos boige go mall agus so-mhúnlaithe de réir mar a théamhann sé. Feictear go ‘stangann’ an plaisteach de réir mar a leathanaíonn an dromchla amach 5. Tar éis roinnt nóiméad, tá an plaisteach réidh don ‘fhoirmiú’ de réir mar a éiríonn sé an-solúbtha agus rubarach. 6. Múchtar an téiteoir agus bogann an múnla in airde tríd an luamhán a ardú go ndéantar é a dhaingniú sa suíomh.

Manufacturing – Vacuum Forming Múnla Críochnaithe 7. Múchtar an ‘folús' agus pumpálann sé seo

Manufacturing – Vacuum Forming Múnla Críochnaithe 7. Múchtar an ‘folús' agus pumpálann sé seo an t-aer faoin leathán plaisteach amach. Os a chionn, brúnn an brú atmaistféarach an leathán plaisteach síos ar an múnla. Féadtar cruth an mhúnla a fheiceáil go réidh tríd an leathán plaisteach. Nuair atá an plaisteach fuaraithe, múchtar an folúschaidéal. 8. Baintear an leathán plaisteach den fhoirmeán folúis. Tá cruth an fhoirmeáin brúite isteach ar dhromchla an leatháin. 9. Déantar an bharraíocht phlaisteach a bhearradh go dtí nach bhfuil fanta ach an babhla plaisteach. Ta amharc méadaithe den bhabhla críochnaithe le feiceáil thall.

Manufacturing – Vacuum Forming Déantúsaíocht Mhúnla D’fhonn an cruth inmhianaithe a bhaint amach, is

Manufacturing – Vacuum Forming Déantúsaíocht Mhúnla D’fhonn an cruth inmhianaithe a bhaint amach, is féidir múnlaí a dhéanamh trí sraitheanna ábhar a ghliúáil le chéile agus iad a fhoirmiú le héagsúlacht uirlisí meaisíní agus láimhe cosúil le Ródairí CNC, Gearradh Léasair, Scrollsábha, Bord múnlála fearsaide agus Criosghreanóirí. I measc na n-ábhar a úsáidtear i ndéantús múnla tá MDF, adhmad Balsa agus Marla. Úsáidtear MDF ar scoileanna de ghnáth agus alúmanam teilgthe nó roisín eapocsach sa tionscal. Féadtar neart agus righneas múnla a mhéadú trí dearadh sna cuasanna, sna heitrí nó sna céimeanna. Tá samplaí de thráidirí agus de phacáistiú bolgánach nó clogach atá táirgthe ag folúsfhoirmiú le feiceáil thall. Thíos, ta nasc idirlín le pacáistiú agus folúsfhoirmiú clogach tráchtála http: //www. uni-plastic. com/Thermoforming%20&%20 Vacuun%20 Forming. htm

Manufacturing – Vacuum Forming Déantús Múnla Má úsáidtear sraithadhmad éadrom, leathán alúmanaim nó Perspex

Manufacturing – Vacuum Forming Déantús Múnla Má úsáidtear sraithadhmad éadrom, leathán alúmanaim nó Perspex mar bhonnshraith ar do mhúnla, féadtar í a ghreamú le téip dhéthaobhach sa tslí is gur féidir í a bhaint go réidh agus a úsáid mar bhonn an tionscadail chríochnaithe. Feic sampla den mhúnla cairr thall. Agus múnla á dhearadh agat, is den tábhacht é go gcuimhnítear ar bhaint an tsliogáin fholúsfhoirmithe. Ní theastaíonn liopaí tarchrochta ná uillinneacha diúltacha. Ní mór dréachtuillinn idir 3° agus 5° a sholáthar ar dhromchlaí uilig an mhúnla. Tá sé an-deacair an plaisteach foirmithe agus an múnla a scarúint óna chéíle agus seans go scoiltfear é. Féadtar múnla a phúdráil le talcphúdar chun cabhrú le baint an mhúnla.

Manufacturing – Vacuum Forming Samplaí Tráchtála Folúsfoirmithe

Manufacturing – Vacuum Forming Samplaí Tráchtála Folúsfoirmithe

Manufacturing – Vacuum Forming Leideanna & Cleasa 1. Ábhair saora agus oiriúnacha is ea

Manufacturing – Vacuum Forming Leideanna & Cleasa 1. Ábhair saora agus oiriúnacha is ea MDF & leatháin sraithadhmaid 3 mm i ndéantúsaíocht Mhúnlaí. 2. Féadtar cruthanna casta a thógáil agus a neartú le sraitheanna. 3. Is féidir téip dhéthaobhach, boinn airgid, duail, suaitheantais chairr, sárghliú, líonaigh adhmaid nó cipíní a úsáid chun múnla a fheabhsú nó a phearsantú. 4. Sábha poll, béalmhíreanna leacaithe, béalmhíreanna fritollta, blocanna greanála. 5. Féadtar cruthanna atá ann cheana a líonadh le plástar paisteála chun múnla a dhéanamh. 6. I gcás phoill inmheánacha nó cuasanna i múnla, ní mór dóibh bheith druileáilte 2 Ø mm tríd go dtí bonn an mhúnla a cheadaíonn folmhú an chuais ag an bhfolúschaidéal. 7. Is féidir cruthanna móra nó casta a phúdráil le talcphúdar a chabhróidh le scaoileadh na gcruthanna den mhúnla. 8. Féadtar bonn an mhúnla a dhruileáil agus a réitiú do bholta M 6, rud a cheadóidh duit lamh a chur ann. Cabhróidh sé seo leat chun an múnla a tharraingt den chruth foirmithe

Manufacturing – Vacuum Forming Déantús an Mhúnla Céimeanna i bh. Forbairt an Phatrúin 1.

Manufacturing – Vacuum Forming Déantús an Mhúnla Céimeanna i bh. Forbairt an Phatrúin 1. Seo bloc bunchruthach MDF a imchochlaíonn na comhpháirteanna agus a thacaíonn leis an meicníocht. 2. Tá dearadh an bhloic MDF mioncheartaithe chun ceallra 9 V a choinneáil agus chun próifílí atá deartha go heirgeanamaíoch a sholáthar i gcomhair Lasca, LED & Friotóirí inathraithe. 3. Múnla críochnaithe polaistiréin 2 mm ata réidh don druileáil mhótair agus d’oiriúnú na gcomhpháirteanna leictreonacha agus don mheicníocht taca ulóige.

Manufacturing – Vacuum Forming Samplaí de na sé phatrún táirgthe as an gclár bán

Manufacturing – Vacuum Forming Samplaí de na sé phatrún táirgthe as an gclár bán MDF

Manufacturing – Vacuum Forming Ceithre Mhúnla Chríochnaithe

Manufacturing – Vacuum Forming Ceithre Mhúnla Chríochnaithe