Comhfhocail An simhi mar ghli Nuair a nasctar

  • Slides: 5
Download presentation
Comhfhocail An séimhiú mar ‘ghliú’ Nuair a nasctar dhá fhocal le chéile sa Ghaeilge

Comhfhocail An séimhiú mar ‘ghliú’ Nuair a nasctar dhá fhocal le chéile sa Ghaeilge chun focal nua a dhéanamh, go minic bíonn séimhiú ag teastáil chun iad a ‘cheangal’ dá chéile. Mar shampla: Comh + focail: Sean + máthair: Oll + margadh: comhfhocail seanmháthair ollmhargadh

Comhfhocail Cleachtadh Nasc na focail seo le chéile chun focal nua a chruthú agus

Comhfhocail Cleachtadh Nasc na focail seo le chéile chun focal nua a chruthú agus abair cad is brí leis na focail a bheidh cumtha agat. 1. Comh + brón: __________ 2. Máthair + teanga: __________ 3. Geal + gáireach: __________ 4. Ríomh + post: __________ 5. Aois + grúpa: __________ 6. Mí + tuiscint: __________ 7. Gnáth + caite: __________ 8. Gnáth + saol: __________ 9. Dá + teangach: __________ 10. Tré + dearcach: __________

Comhfhocail Ná déan dearmad nach féidir séimhiú a chur ar litreacha áirithe – l,

Comhfhocail Ná déan dearmad nach féidir séimhiú a chur ar litreacha áirithe – l, n, r – ná ar ghutaí - agus sin an fáth nach bhfuil séimhiú in úsáid sna comhfhocail seo: Cóipleabhar (cóip + leabhar) Comhréir (comh + réir) Comhnascadh (comh + nascadh) Gariníon (gar + iníon)

Comhfhocail Tá cúis amháin eile ann nach mbeadh séimhiú á úsáid mar ‘ghliú’ idir

Comhfhocail Tá cúis amháin eile ann nach mbeadh séimhiú á úsáid mar ‘ghliú’ idir focail agus an chúis sin ná na ‘dentals’. Is éard atá i gceist leis na ‘dentals’ ná na litreacha: d, n, t, l, s An riail ná – má chríochnaíonn focal amháin le dental agus má thosaíonn an chéad fhocal eile le dental ní féidir séimhiú a chur ar an dara ceann! Aimsigh na dentals sna comhfhocail seo: – Ardteist – Mionteanga – Indíreach – Seanduine – Ilteangach An féidir leat smaoineamh ar shamplaí eile?

Comhfhocail Bí cúramach. . . Nuair a chloiseann daoine an riail faoi na dentals

Comhfhocail Bí cúramach. . . Nuair a chloiseann daoine an riail faoi na dentals den chéad uair ceapann siad gurb í an riail ná nach féidir séimhiú a chur ar na litreacha ‘d, n, t, l, s’. Ach ní hí sin an riail! An riail ná: “Má tá dhá cheann de na litreacha d, n, t, l, s, díreach i ndiaidh a chéile, ní féidir séimhiú a chur ar an dara ceann. ” e. g. Ardteist