Comhartha na Croise In ainm an Athar agus
- Slides: 33
Comhartha na Croise In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh Áiméan
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh. Mar a bhí ó thús, mar atá anois, mar a bheas go brách, le shaol na saol. Áiméan.
Paidir na Maidine A Dhia, tá grá agat dom. Bíonn tú liom de lá is d’oíche. Ba mhaith liom grá a thabhairt duit gach nóiméad den lá. Ba mhaith liom tú a shásamh. A Athair, cabhraigh liom. Áiméan
Paidir na h. Oíche A Dhia, a Athair, molaim thú as ucht do chineáltais liom inniu. As ucht mo chairde molaim thú, agus as an teaghlach a thug tú dom. I ndorchadas na hoíche cosain mé; Solas na maidine go bhfeice mé. Áiméan.
Altú roimh Bhia Beannacht ó Dhia orainne atá ag suí chun oird le chéile. Beannacht ar an mbia a ithimid inniu. Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é. Beannacht, a Dhia dhílis, orainn féin. Áiméan.
Altú tar éis Bia Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug bia dúinn. Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug cairde dúinn. Go raibh maith agat, a Dhia, mar is tú a thug ach rud dúinn. Go raibh maith agat, a Dhia. Áiméan.
’S é do Bheatha, a Mhuire ’S é do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta, tá an Tiarna leat. Is beannaithe thú idir mhná, agus is beannaithe toradh do bhroinne, Íosa. A Naomh Mhuire, a mháthair Dé, guigh orainn, na peacaigh, anois agus ar uair ár mbáis. Áiméan.
An Phaidir Ár n. Athair atá ar neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh. Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu, agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin, agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc. Áiméan.
Paidir d’Íosa Críost liom. Críost romham. Críost i mo dhiaidh. Críost ionam. Críost ar mo dheis. Críost ar mo chlé. Críost i mo chuideachta is cuma cá dtéim. Críost mar chara agam, anois is go buan. Áiméan
Paidir don Tríonóid Naofa Moladh don Athair. Moladh don Mhac. Moladh don Spiorad Naomh. An Triúr san Aon.
Tabhair dom aire a Thiarna Tabhair aire dom, a Thiarna, mar a dhéanfadh aoire, agus mise, mar a bheadh caora i do théad. Treoraigh mé chuig sólás an tsuimhnis agus na siochána. Treoraigh mé ar mo bhealach tríd an domhan céim ar chéim leat féin. Fiú san áit a mbíonn brón agus scáth ní bheidh eagla orm ná éadóchas. Tá tú liom trí shéan agus léan. Tabhair cabhair dom i gconaí, a Thiarna mar a dhéanfadh aoire, agus mise, mar a bheadh caora i do théad.
Paidreacha chuig an Spiorad Naomh A Spioraid Naoimh, ba mhaith liom an rud ceart a dhéanamh. Cabhraigh liom. A Spioraid Naoimh, ba mhaith liom maireachtáil mar a mhair Íosa. Treoraigh mé. A Spioraid Naoimh, ba mhaith liom guí mar a ghuigh Íosa. Múin dom é. Áiméan
Spiorad Dé sna spéartha. Spiorad Dé sna farraigí. Spiorad Dé ar na sléibhte. Spiorad Dé ionam. Spiorad Dé i solas na gréine. Spiorad Dé san aer. Spiorad Dé thart timpeall orainn. Spiorad Dé i ngach áit. A Spioraid Naoimh, Spiorad Dé, cabhraigh liom. Áiméan
Tar, a Spioraid Naoimh, líon croíthe na bhfíréan agus las ionainn tine do ghrá. Cuir amach uait do Spiorad agus cruthófar muid, agus déanfaidh tú aghaidh na talún a athnuachan.
A Dhia, a mhúin croíthe na bhfíréan le solas an Spioraid Naoimh, deonaigh dúinn sa spiorad céanna a bheith críonna go fíor, agus gairdeas a dhéanamh i gcónaí ina shólás, trí Íosa Críost, ár d. Tiarna. Áiméan.
Paidir chuig an Aingeal Comhdeachta A Aingil dhil Dé, cuir me faoi do smacht, mar d’ordaigh Mac grámhar Dé ina reacht. Seas le mo thaobh gach am den lá. Soilsigh is cosain is seol mé slan. Áiméan
Ag Freagairt an Aifreann agus Paidreacha don Eochairist
An Fhaoistin Choiteann Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithe agus a shiúracha, gur pheacaigh mé go trom le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar Naomh Mhuire Síor- Ógh, ar na h. Aingil agus ar na Naoimh, agus oraibhse, a bhráithre agus a shiúracha, guí ar mo shon chun ár d. Tiarna Dia. Áiméan
An Ghlóir Glóir do Dhia sna harda, agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola. Molaimid thú; móraimid thú; adhraimid thú; tugaimid glóir duit; gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire; a Thiarna Dia, a Rí na bh. Flaitheas, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh. A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost. A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar,
tusa, a thógann peacaí an domhain, déan trócaire orainn; tusa a thógann peacaí an domhain, glac lenár nguí. Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar, déan trócaire orainn. Óir is tú amháin is Naofa; is tú amháin is Tiarna. Is tú amháin is Ró-Ard, a Íosa Críost, mar aon leis an Spiorad Naomh i nglóir Dé an t. Athair. Áiméan.
Cré na n. Aspal Creidim i n. Dia, an t. Athair uilechumhachtach, Cruthaitheoir neimhe agus talún; agus in Íosa Críost, a aon mhacsan, ár d. Tiarna, a gabhadh ón Spiorad Naomh, a rugadh ó Mhuire Ógh; a d'fhulaing páis faoi Phontius Píoláit, a céasadh ar chrois, a fuair bás agus a adhlacadh; a chuaigh síos go hifreann, a d'éirigh an treas lá ó mhairbh; a chuaigh suas ar neamh;
atá ina shuí ar dheis Dé, an t. Athair uile chumhachtach; as sin tiocfaidh sé chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh. Creidim sa Spiorad Naomh, sa Naomh Eaglais Chaitliceach, i gcomaoin na naomh; i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne, agus sa bheatha shíoraí. Áiméan
An Chré Niséin Creidim in aon Dia amháin, an t. Athair uilechumhachtach, a rinne neamh agus talamh agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe. Creidim in aon Tiarna amháin, Íosa Críost, Mac Aonghine Dé, an té a rugadh ón Athair sula raibh aon saol ann, Dia ó Dhia, solas ó sholas, Fíor-Dhia ó Fhíor Dhia; an té a gineadh agus nach ndearnadh, agus atá de chomhshubstaint leis an Athair; is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na an cine daonna, agus ar son ár slánaithe, thuirling sé ó neamh. Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é i mbroinn na Maighdine Muire agus ghlac sé nádúr daonna. Céasadh ar an gcrois é freisin ar ár son faoi Phontias Píoláit, d’fhulaing sé páis agus adhlacadh é. D’aiséirigh an treas lá de réir a d’fhogair na Scrioptúr; chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar. Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir, le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spioraid Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac. Tugtar dó adhradh agus glóir mar aon leis an Athair agus leis an Mac: is é a labhair trí na fáithe. Creidim san aon Eaglais naofa, chaitliceach, aspalda. Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin chun maithiúnas na bpeacaí. Agus táim ag súil le haiséirí na marbh agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Áiméan
Paidir roimh Chomaoineach A Thiarna Íosa, tar chugam. A Thiarna Íosa, tabhair dom do ghrá. A Thiarna Íosa, tar chugam agus tabhair dom tú féin dom. A Thiarna Íosa, a chara na bpáistí, tar chugam. A Thiarna Íosa, is tú mo Thiarna agus mo Dhia. Moladh leat, a Thiarna Íosa Críost Áiméan
Paidir tar éis Chomaoineach A Thiarna Íosa, gráim agus adhraim thú. Is tú mo chara dílis Fáilte romhat, a Thiarna Íosa. Go raibh maith agat as teacht chugam. Go raibh maith agat , a Thiarna Íosa, As ucht tú féin a thabhairt dom. Cabhraigh liom do ghrá a léiriú Cibé áit a mbím
Bí taobh liom, a Thiarna Íosa, Fan in aice liom go deo Beannaigh sinn, na páistí, atá faoi do chúram Agus tabhair ar Neamh sinn chun cónaithe leat féin. Táim réidh anois, A Thiarna Íosa, Tá grá agam go leor. Táim réidh anois a Thiarna Íosa, Táim réidh anois le do ghrá a thabhairt Sa bhaile is don saol mór. Áiméan
Paidreacha do Shacraimint an Athmhuintearais
An Fhaoistin Choiteann Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithe agus a shiúracha, gur pheacaigh mé go trom le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin. Ar an ábhar sin, impím ar Naomh Mhuire Síor-Ógh, ar na h. Aingil agus ar na Naoimh agus oraibhse, a bhráithre agus a shiúracha, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia. Áiméan
An Gníomh Dólais A Dhia, gabhaim buíochas leat as ucht do ghrá dom. Tá brón orm faoi mo pheacaí uile; nach raibh grá agam duitse ná do dhaoine eile. Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar nós Íosa agus gan peaca a dhéanamh arís. Áiméan
Paidir ag iarraidh Maithiúnais A Dhia, ár n. Athair, cabhraigh liom cuimhneamh ar na huaireanta nár mhair mé mar a d’iarr Íosa orm. Cabhraigh liom brón a bheith orm agus iarracht eile a dhéanamh. Áiméan
Paidir tar éis Maithiúnas A Dhia, ár n. Athair, go raibh maith agat faoi mhaithiúnas a thabhairt dom. Cabhraigh liom grá a thabhairt do dhaoine eile. Cabhraigh liom maireachtáil mar a d’iarr Íosa orm. Áiméan
- In ainm an athar
- Quality management assignment
- Turas na croise
- Cylindre croisé par retournement
- Tissu sergé croisé
- Poeme rime croisée
- Ainm briathartha examples
- Briathar saor endings
- Glan aimsir chaite
- Mo theach agus mo cheantar
- Agus praptana bkn
- Materi geografi budaya
- Lagiolra
- Maria zenibiyang
- Umur pak agus 3 kali umur iwan
- Fionn agus an fathach
- Dokter agus rahmadi
- Umur pak agus 3 kali umur iwan
- Agus suprayogi
- Agus superiadi
- Agus praptana bkn
- Agus aris munandar
- Agus imanto
- Jelaskan ruang lingkup han
- Agus suprayogi
- Agus syihabudin
- Agus imanto