Caitheamh Aimsire Nl sna ceisteanna agus sna freagra

  • Slides: 25
Download presentation
Caitheamh Aimsire Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit

Caitheamh Aimsire Níl sna ceisteanna agus sna freagraí san aonad seo ach cabhair duit ar an topaic. Ní gá go mbeadh na ceisteanna mar an gcéanna sa scrúdú ar chor ar bith, ach ba cheart go mbeadh an topaic réidh agat.

An Clár 1. 2. 3. 4. 5. 6. 7. 8. 9. 10. 11. 12.

An Clár 1. 2. 3. 4. 5. 6. 7. 8. 9. 10. 11. 12. 13. An bhféachann tú ar an teilifís? Cén clár teilifíse is fearr leat? An dtéann tú chuig an phictiúrlann? Cén t-aisteoir is fearr leat? Déan cur síos ar scannán a chonaic tú le déanaí. An bhfuil suim agat i gcúrsaí ceoil? Cén grúpa ceoil is fearr leat? Déan cur síos ar an gceolchoirm is deireanaí a bhí tú ann? An maith leat a bheith ag léamh? Cén t-údar is fearr leat? An bhfuil suíomh Facebook agat? An bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint le suímh sóisialta? Céard iad na buntáistí a bhaineann le suímh sóisialta?

1. An bhféachann tú ar an teilifís? Foclóir Úsáideach Na cineálacha cláir Aidiachtaí Cláir

1. An bhféachann tú ar an teilifís? Foclóir Úsáideach Na cineálacha cláir Aidiachtaí Cláir chúrsa reatha suimiúil An nuacht faisnéiseach scannáin taitneamhach Na sobalchláir spraíúil Cláir spóirt spreagúil Cláir réaltachta spórtúil

1. An bhféachann tú ar an teilifís? Sampla A �Féachaim ar an teilifís go

1. An bhféachann tú ar an teilifís? Sampla A �Féachaim ar an teilifís go minic. D’fhéadfá a rá gur andúileach teilifíse mé. Caithim go leor ama ag féachaint air. Is breá liom na sobalchláir agus na cláir fhaisin. Is minic a chaithim cúpla uair ag féachaint ar an teilifís ag an deireadh seachtaine. Sampla B �Ní chaithim go leor ama ag féachaint ar an teilifís chun na fírinne a rá leat. Ceapaim gur cur amú ama é i ndáiríre. B’fhearr liomsa a bheith taobh amuigh ag déanamh rud éigin fiúntach le mo chuid ama.

2. Cén clár teilifíse is fearr leat? Sampla A �Is iomaí clár teilifíse a

2. Cén clár teilifíse is fearr leat? Sampla A �Is iomaí clár teilifíse a thaitníonn liom i ndáiríre. Is breá liom na cláir réaltachta cosúil leis an X-Factor agus The Voice. Is breá liom an teannas agus an chaoi a gcuireann gnáthdhaoine isteach ar chláir den leithéid. Bíonn tuairimí na moltóirí spéisiúil freisin. Ceapaim gur láithreoir den chéad scoth í Katherine Thomas agus bhí an-áthas orm nuair a chonaic mé go bhfuair sí an post sin. Is aoibhinn liom Take me Out le Ray Foley freisin. Ceapaim go bhfuil sé anghreannmhar. Bíonn ar fhear amháin imprisean maith a dhéanamh ar chúig bhean déag. Bíonn neirbhís

2. Cén clár teilifíse is fearr leat? Sampla B �Is dócha gur féidir leat

2. Cén clár teilifíse is fearr leat? Sampla B �Is dócha gur féidir leat a rá go bhfuilim cuíosach seanfhaiseanta mar is é Sráid Coronation an clár teilifíse is fearr liom. Bíonn sé i gcónaí greannmhar agus suimiúil. Is cuma cén sórt scéil a bhíonn a chlúdach sa chlár bíonn an greann i gcónaí fite fuaite ann. Is é Norris an carachtar is fearr liom. Is fear beag bídeach é atá fíorfhiosrach. Bíonn na ráflaí agus an chúlchaint de shíor á lorg aige. Ceapaim go bhfuil sé an-ghreannmhar ar fad. Féachaim ar na sobalchláir eile chomh maith ach, gan dabht is é Sráid Coronation an clár is fearr liom.

2. Cén clár teilifíse is fearr leat? Sampla C �Is é The Premiership an

2. Cén clár teilifíse is fearr leat? Sampla C �Is é The Premiership an clár spóirt is fearr liom. Tá sé an-suimiúil. Imrím féin sacar agus is breá liom a bheith ag féachaint ar an gcúil éagsúla. Is maith liom éisteacht le tuairimí Giles agus Dunphy chomh maith. Sampla D �Tá suim agam i gcúrsaí reatha. Mar sin, is breá liom an nuacht agus an clár faisnéise darb ainm Prime Time. Bíonn siad i gcónaí faisnéiseach agus léargasach agus foghlaimíonn tú rud nua gach uair a fhéachann tú orthu.

3. An dtéann tú chuig an bpictiúrlann? Sampla A �Is aoibhinn liom dul chuig

3. An dtéann tú chuig an bpictiúrlann? Sampla A �Is aoibhinn liom dul chuig an bpictiúrlann. Téim ann chomh minic agus is féidir liom. Féachaim ar na scannáin is deireanaí a thagann amach. Tá ocht scáileán ag ár bpictiúrlann áitiúil. Is breá liom an grán rósta agus na milseáin a gceannach agus a n-ithe ann freisin. Sampla B �Ní théim go dtí an phictiúrlann go minic. Níl mórán suime agam sna scannáin. Is fearr liomsa a bheith ag éisteacht le ceol chun na fírinne a rá leat. 8

4. Cén t-aisteoir is fearr leat? Sampla A �Is í Angelina Jolie an t-aisteoir

4. Cén t-aisteoir is fearr leat? Sampla A �Is í Angelina Jolie an t-aisteoir is fearr liom. Is bean iontach dathúil cumasach í. Tá bua na haisteoireachta aici. Cheap mé go raibh sí go hiontach ar fad sa scannán Mr. & Mrs. Smith. Tá sí ag dul amach le Brad Pitt anois le fada an lá agus tá seisear aici ina clann. Sampla B �Is é Matt Damon an t-aisteoir is fearr liom. Is breá liom an tsraith scannán ‘Bourne’. Ceapaim go bhfuil na scannáin i bhfad níos fearr ná na scannáin Bond a dhéantar i láthair na huaire. 9

5. Déan cur síos ar an scannán is deireanaí a chonaic tú. Foclóir Úsáideach

5. Déan cur síos ar an scannán is deireanaí a chonaic tú. Foclóir Úsáideach Cineálacha scannáin An scannán féin Scannán rómánsúil Na haisteoirí Scannán eachtraíochta An plota Scannán grinn Na héifeachtaí speisialta Scannán eipice Na carachtair éagsúla Scannán uafáis Na radhairc dhifriúla Scannán ficsean eolaíochta Deireadh intuartha

5. Déan cur síos ar an scannán is deireanaí a chonaic tú. Sampla A

5. Déan cur síos ar an scannán is deireanaí a chonaic tú. Sampla A �Chonaic mé scannán darb ainm War Horse le déanaí. Bhí sé ceart go leor. Bhí sé suite sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí sé bunaithe ar chapall dochreidte cróga a rinne gaisce áit ar bith a raibh sé. Thaispeáin sé cé chomh cróga is a bhí sé le linn an chogaidh. Bhí deireadh deas maoithneach ann freisin nuair a bhí an capall ar ais lena chéad úinéir. Ach, níor cheap mé go raibh na héifeachtaí speisialta ró-iontach. Bhí díomá orm mar ní raibh cuma dáiríre ar an gcapall in áiteanna agus ceapaim gur chuir sé sin isteach ar an 11 scannán go pointe.

5. Déan cur síos ar an scannán is deireanaí a chonaic tú. Sampla B

5. Déan cur síos ar an scannán is deireanaí a chonaic tú. Sampla B �Chonaic mé an scannán The Guard le déanaí. Cheap mé go raibh sé go hiontach ar fad. Ba scannán grinn é a bhí suite in Iarthar na hÉireann. B’éachtach an taispeántas a chuir Brendan Gleeson isteach mar Sháirsint Gerry Boyle. Bhí greann dorcha sa scannán agus is dócha gurb é an rud a chabhraigh go mór le taitneamh an scannáin a chur abhaile ar an lucht féachana. Cé go raibh téamaí tromchúiseacha ann, níor éirigh an scannán ródháiríre. Bhí an choimhlint idir Boyle agus a chomhghleacaí ón FBI an mhaith 12 freisin.

6. An bhfuil suim agat i gcúrsaí ceoil? Foclóir Úsáideach Na saghsanna ceoil Na

6. An bhfuil suim agat i gcúrsaí ceoil? Foclóir Úsáideach Na saghsanna ceoil Na huirlisí ceoil popcheol An giotár Ceol bailé An dord Ceol clasaiceach Na drumaí Ceol rince An veidhlín Ceol traidisiúnta na hÉireann An méarchlár rapcheol An fheadóg stáin/mhór Rac-cheol An bosca ceoil

6. An bhfuil suim agat i gcúrsaí ceoil? Sampla A �Tá an-suim agam i

6. An bhfuil suim agat i gcúrsaí ceoil? Sampla A �Tá an-suim agam i gcúrsaí ceoil chun na fírinne a rá leat. Is breá liom rac-cheol. Táim i mo bhall de ghrúpa ceoil. Bímid ag cleachtadh i ngaráiste mo charad go minic. Buailimid le chéile dhá uair gach seachtain. Ba bhreá linn airgead a thuilleadh as an mbanna ceoil amach anseo. Ach, beidh orainn go leor cleachtaidh a dhéanamh ar dtús. Sampla B �Níl mórán suime agam i gcúrsaí ceoil chun na fírinne a rá leat. Is fearr liomsa a bheith ag féachaint ar an

7. Cén grúpa ceoil is fearr leat? Sampla A �Is é Kings of Leon

7. Cén grúpa ceoil is fearr leat? Sampla A �Is é Kings of Leon an banna ceoil is fearr liom. Ceapaim go bhfuil siad ar fheabhas. Ceathrar ar fad atá sa ghrúpa. Is as Meiriceá dóibh agus taistilíonn siad ar fud an domhain go minic. Seinneann siad raccheol. Tá cúig albam eisithe acu go dtí seo agus is é “Use Somebody” an t-amhrán is fearr liom. Sampla B �Is é U 2 an banna ceoil is fearr liom. Ceapaim go bhfuil siad ar fheabhas. Is é The Edge an ball is fearr liom. Is breá liom a chuid stíle. Tá clú agus cáil ar an mbanna seo ar fud

7. Cén grúpa ceoil is fearr leat? Sampla C �Gan dabht ar bith is

7. Cén grúpa ceoil is fearr leat? Sampla C �Gan dabht ar bith is é Jedward an grúpa ceoil is fearr liom. Ceapaim go bhfuil siad go hiontach ar fad. Tá stíl faoi leith ag an gcúpla seo ó Leamhcán i m. Baile Átha Cliath. Is aoibhinn liom a stíl gruaige agus an fuinneamh dochreidte atá acu. Bhí áthas an domhain orm nuair a fuair siad an dara seans le déanaí dul chuig an gcomórtas Eoraifíse ar son na hÉireann in Asarbaiseáin an samhradh seo. Táim den tuairim láidir go mbeidh an bua acu an uair seo. Tá siad tar éis dul ó neart go neart i ndiaidh dóibh teacht chun solais ar an X-Factor trí bliana ó shin.

8. Déan cur síos ar an gceolchoirm is deireanaí a bhí tú ann. Foclóir

8. Déan cur síos ar an gceolchoirm is deireanaí a bhí tú ann. Foclóir Úsáideach Ceolchoirm Oxegen Ceolchoirm san O 2 Stáitse difriúla Soilse ildathacha Ionad campála Fuaim iontach Na pubaill Luas go dtí an doras Na leithris Fir shlándála Atmaisféar leictreach Suíocháin iontacha Aimsir shuarach Na hamhráin is fearr Bannaí iontacha Lucht tacaíochta dílis

8. Déan cur síos ar an gceolchoirm is deireanaí a bhí tú ann? Sampla

8. Déan cur síos ar an gceolchoirm is deireanaí a bhí tú ann? Sampla A �Chuaigh mé go dtí an cheolchoirm Oxegen an samhradh seo caite. Ba dheireadh seachtaine iontach é. Chuamar ann ar an Aoine. D’fhanamar san ionad campála agus bhí an-spraoi againn. Bhí neart stáitse ann le rogha mhaith ceoltóirí. Bhain mé an-taitneamh as a bheith ag éisteacht le ‘Coldplay’ agus ‘The Artic Monkeys’. Cheap mé go raibh siad ar fheabhas ar fad. Chuaigh an slua i bhfiáin nuair a bhí siad ar an stáitse. Bhíomar go léir tuirseach traochta i ndiaidh na ceolchoirme ach rachainn arís ar maidin dá mbeadh sé ar siúl. Bhí díomá orm nuair a chuala mé

9. An maith leat a bheith ag léamh? Foclóir Úsáideach Úrscéalta rómánsúla Ailt nuachtáin

9. An maith leat a bheith ag léamh? Foclóir Úsáideach Úrscéalta rómánsúla Ailt nuachtáin Úrscéalta eachtrúla Irisí faisin Úrscéalta bleachtaireachta Irisí spóirt Úrscéalta grinn Irisí cairr drámaí An nuachtán áitiúil Cnuasach gearrscéalta Leabhair taistil

9. An maith leat a bheith ag léamh? Sampla A �Is breá liom a

9. An maith leat a bheith ag léamh? Sampla A �Is breá liom a bheith ag léamh. Is aoibhinn liom úrscéalta suimiúla a léamh. Táim ag léamh The Girl With The Dragon Tattoo faoi láthair. Is úrscéal ansuimiúil é. Beidh orm an dá leabhar eile ó Stieg Larsson a léamh chomh maith. Sampla B �Ní thaitníonn an léitheoireacht liom chun na fírinne a rá leat. Léifinn an páipéar nuachtáin dá mbeadh sé ann. Sin an méid. Is fearr liom a bheith ar an idirlíon.

10. Cen t-údar is fearr leat? Freagra samplach �Is é JK Rowling an t-údar

10. Cen t-údar is fearr leat? Freagra samplach �Is é JK Rowling an t-údar is fearr liom. Ceapaim go bhfuil sí go hiontach ar fad. Is léir go bhfuil samhlaíocht chruthaitheach aici ar aon chaoi. Tá seacht leabhar scríofa aici sa tsraith Harry Potter. Tá ceann amháin de na leabhair níos fearr ná an chéad cheann eile. Is bean iontach saibhir í JK Rowling ach tá an saibhreas seo tuillte aici dar liom. Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann go leor uaireanta freisin chun féachaint ar na scannáin éagsúla.

11. An bhfuil suíomh Facebook agat? Foclóir Úsáideach Buntáistí Míbhuntáistí Fanacht i dteagmháil Easpa

11. An bhfuil suíomh Facebook agat? Foclóir Úsáideach Buntáistí Míbhuntáistí Fanacht i dteagmháil Easpa príobháideachais Labhairt le cairde cibearbhulaíocht Grianghraif a fheiceáil Daoine neamhscrupallacha air Rudaí a eagrú Cur amú ama Saor in aisce Dochar do ghráid san Ardteistiméireacht

11. An bhfuil suíomh Facebook agat? Sampla A �Tá suíomh Facebook agam. Ceapaim gur

11. An bhfuil suíomh Facebook agat? Sampla A �Tá suíomh Facebook agam. Ceapaim gur áis iontach é chun dul i dteagmháil le do chairde saor in aisce. Caithim ar a laghad leathuair an chloig air gach lá. Cuirim suas grianghraif agus labhraím le mo chairde ann. Sampla B �Níl suíomh Facebook agam. Is duine príobháideach mé agus níor mhaith liom go mbeadh mo ghrianghraif agus eolas pearsanta fúm ar an idirlíon. Caitheann go leor de mo chairde an t-uafás ama air. Ní dóigh liom

12. An bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint le suímh sóisialta? Freagra Samplach �Is iomaí

12. An bhfuil aon mhíbhuntáistí ag baint le suímh sóisialta? Freagra Samplach �Is iomaí míbhuntáiste atá ag na suímh sóisialta i ndáiríre. Sa domhan fíorúil caithfear a bheith anairdeallach. Bíonn gadaithe, coirpigh agus péidifiligh de shíor ag féachaint orthu. Uaireanta bíonn gnáthdhaoine gránna orthu freisin sa mhéid a deirtear faoi ghrianghraif éagsúla agus a leithéid. Tá sé antábhachtach go bhfuil d’eolas faoi rún ar na suímh siúd. Chomh maith leis sin, d’fhéadfá a bheith gafa leo freisin. Caitheann a lán daoine óga an t-uafás ama orthu gach lá. Mura bhfuil tú smachtaithe mar dhuine, ní dóigh liom gur maith an rud é a bheith

13. Céard iad na buntáistí a bhaineann le suímh sóisialta? Freagra Samplach �‘Ní lia

13. Céard iad na buntáistí a bhaineann le suímh sóisialta? Freagra Samplach �‘Ní lia duine ná tuairim’. Tá an seanfhocal sin oiriúnach maidir le cúrsaí teicneolaíochta ar aon nós. Is iomaí buntáiste atá ag baint leis an iliomad suíomh sóisialta. Is bealach éifeachtach é chun labhairt le do chairde saor in aisce. Is féidir leat do ghrianghraif a roinnt le do chairde. Anois, leis an gcúlú eacnamaíochta agus na mílte duine ag dul ar imirce tugann na suímh sóisialta deis dúinn fanacht i dteagmháil leis na heisimircigh thar lear. Ina theannta sin, is deis iontach iad na suímh chun nuacht nó fógraí de shaghas éigin a scaipeadh go tapaidh.