An Modh Ordaitheach 1 T s chomh simpl

  • Slides: 4
Download presentation
An Modh Ordaitheach 1 Tá sé chomh simplí ordú a thabhairt do dhuine amháin

An Modh Ordaitheach 1 Tá sé chomh simplí ordú a thabhairt do dhuine amháin sa Ghaeilge. Níl le déanamh ach fréamh an bhriathair a úsáid, féach: Bí ciúin Ith do dhinnéar! Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom! Cuir glao ar an duine sin! Féach amach an fhuinneog! Bailigh do chuid leabhar le chéile! Ceannaigh an páipéar nuachta dom! Suigh síos! Seas suas! Bí cúramach áfach, ní féidir leat orduithe mar sin a thabhairt do do mhúinteoir nó do do thuismitheoirí nó do dhuine nach bhfuil aithne rómhaith agat air. Baintear úsáid as an gcineál sin cainte le duine níos óige ná thú nó le do chuid cairde. Agus, má thugtar na horduithe ar bhealach an-bhorb is cosúil gur duine an-chrosta thú!

An Modh Ordaitheach 2 Cad atá le déanamh más mian leat ordú nó comhairle

An Modh Ordaitheach 2 Cad atá le déanamh más mian leat ordú nó comhairle a thabhairt do níos mó ná duine amháin? Tá sé an-simplí ar fad. Cuirtear na deirí seo leis na briathra: An chéad réimniú (siolla amháin), leathan - aigí déanaigí tugaigí* An chéad réimniú (siolla amháin), caol - igí cuirigí ithigí An dara réimniú (níos mó ná - aígí siolla amháin), leathan ceannaígí bunaígí An dara réimniú (níos mó na - ígí siolla amháin), caol aimsígí imrígí Agus conas a d’iarrfá ar dhuine GAN rud éigin a dhéanamh? Arís níl sé chomh deacair sin. Féach: Consan: Guta: Ná bac Ná déan Ná cuirigí Ná faighigí Ná habair Ná hól Ná himígí Ná hordaígí

An Modh Ordaitheach Na briathra mírialta: Abair Beir Bí Clois Déan Faigh Feic Ith

An Modh Ordaitheach Na briathra mírialta: Abair Beir Bí Clois Déan Faigh Feic Ith Tabhair Tar Téigh Abraigí Beirigí Bígí Cloisigí Déanaigí Faighigí Feicigí Ithigí Tugaigí Tagaigí Téigí 3

An Modh Ordaitheach Cuir na habairtí: 1. San uimhir iolra 2. Sa diúltach Bí

An Modh Ordaitheach Cuir na habairtí: 1. San uimhir iolra 2. Sa diúltach Bí ciúin Ith do dhinnéar! Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom! Cuir glao ar an duine sin! Féach amach an fhuinneog! Bailigh do chuid leabhar le chéile! Ceannaigh an páipéar nuachta dom! Suigh síos! Seas suas! 4