An Cro Cad chuige an cro Is matn
- Slides: 20
An Croí
Cad chuige an croí?
Is matán é an croí. Istigh i do chliabhrach atá sé. Buaileann do chroí timpeall 100, 000 uair sa lá.
Tá feadáin bheaga i do chorp. Artairí agus féitheacha a thugtar orthu. Nascann siad do chroí le gach uile chuid de do chorp. Gach uair a bhuaileann do chroí pumpálann sé fuil trí na hartairí chuig na codanna eile de do chorp.
Cruthaíonn pumpáil an chroí cuisle i do chorp. Is féidir an chuisle a mhothú in áiteanna difriúla ar do chorp, go háirithe ar thaobh do mhuiníl nó ar chaol do láimhe. Cuir dhá nó trí mhéar ar thaobh do mhuiníl nó ar chaol do láimhe. An féidir leat do chuisle a mhothú?
Cé chomh tapa is atá do chroí ag bualadh?
Turgnamh: Ráta buailte do chroí a thomhas Fearas • Stopuaireadóir nó amadóir • Cara Modh 1. Suigh síos agus aimsigh do chuisle le do mhéara. 2. Comhair na buillí a mhothaíonn tú in 60 soicind. Iarr ar do chara súil a choinneáil ar an am duit. Is é sin ráta buailte do chroí sa nóiméad.
Tuar An athróidh ráta buailte do chroí tar éis duit a bheith ag aclaíocht?
Turgnamh: Ráta buailte do chroí a thomhas tar éis duit a bheith ag aclaíocht Modh 1. Bí ag bogshodar ar an láthair ar feadh nóiméad amháin. 2. Stop agus tomhais ráta buailte do chroí mar a rinne tú cheana. Cad é ráta buailte do chroí anois? Cad a thugann tú faoi deara?
Athraíonn ráta buailte do chroí tar éis duit aclaíocht a dhéanamh. Ag glacadh sosa OCSAIGIN MATÁN FUILEADÁN OCSAIGIN Ag aclaíocht
Cé chomh mór is atá do chroí?
Déan dorn. Sin cé chomh mór is atá do chroí. De réir mar a fhásann tú fásann do chroí freisin.
Deir na dochtúirí go dtabharfaidh ár gcroí aire mhaith dúinn má thugaimid aire mhaith dó.
Conas is féidir leat aire mhaith a thabhairt do do chroí?
Tabhair aire mhaith do do chroí: Ith bia folláin. Ná hith ach beagán den bhia seo. Ith go leor de na bianna seo.
Tabhair aire mhaith do do chroí: Déan roinnt aclaíochta go minic. • • Imir spórt. Téigh amach ag siúl. Déan rince. Déan scipeáil.
Tabhair aire mhaith do do chroí: Ná caith tobac riamh!
Fíor nó Bréagach? Ráiteas Is matán é do chroí. Ní chabhraíonn an aclaíocht le do chroí. Buaileann do chroí timpeall 100, 000 uair sa lá. Pumpálann an croí uisce chuig gach cuid de do chorp. Buaileann an chuisle uair amháin ar gach buille croí. Ní dhéanann an aclaíocht aon difear do ráta buailte an chroí. Tá do chroí i do chliabhrach. Ba cheart sceallóga a ithe gach lá. Fíor Bréagach
Tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh seo: http: //www. bbc. co. uk/schools/scienceclips /ages/9_10/keeping_healthy. shtml
Íomhánna: Shutterstock Rinneadh gach iarracht teacht ar úinéir an chóipchirt i gcás na n‑íomhánna atá ar na sleamhnáin seo. Má rinneadh faillí ar aon bhealach ó thaobh cóipchirt de ba cheart d’úinéir an chóipchirt teagmháil a dhéanamh leis na foilsitheoirí. Beidh na foilsitheoirí lántoilteanach socruithe cuí a dhéanamh leis. © Foras na Gaeilge, 2012 An Gúm, 24 -27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1
- Asarlardan iboralar
- Til va nutq haqida referat
- Nutqni o'stirish usullari
- Rezume
- Quyidagi jumlalarni davom ettiring
- Konstitutsiya bayramida mavzusida matn
- Men nechun sevaman oʻzbekistonni insho
- Boshlang ich sinflarda ona tili o qitish metodikasi ppt
- Hadith maudu
- Hikoya tuzish tartibi
- Rasm asosida konstitutsiya bayramida mavzusida matn tuzing
- Kitob ma naviy ustoz
- Sog'lom turmush tarzi haqida maqollar
- Ravon nutqni rivojlantirish
- Yetuk mutaxassis haqida insho
- 1kasb
- Grafik muharrirlar haqida malumot
- Cro electronics
- Nickname
- Microtask vs macrotask
- Halv människa cro