Aironna bhar FOGHLAIMEOIMID ANSEO FAOI CUID DE NA
Airíonna Ábhar FOGHLAIMEOIMID ANSEO FAOI CUID DE NA h. AIRÍONNA COITIANTA ATÁ AG ÁBHAIR.
Staideanna damhna Damhna - féadann 3 staid a bheith ag an substaint as a ndéantar gach rud. Gás Féadann damhna atá i staid ghásach a thoirt agus a chruth a athrú. Leacht Gabhann damhna atá i staid leachtach cruth an choimeádáin ina bhfuil sé. Fanann a thoirt mar atá i gcónaí. Solad Bíonn cruth seasta agus toirt sheasta ag damhna atá i staid sholadach.
Ainmnigh trí ghás Ainmnigh trí leacht Ainmnigh trí sholad An féidir le damhna athrú ó staid amháin go staid eile? Más féidir, cén chaoi?
Fórsaí Chun airíonna ábhar a thuiscint, caithfimid aitheantas a thabhairt do na fórsaí a chaithfidh na hábhair a sheasamh. Comhbhrú Teannas Lúbadh Toirsiún Fiaradh
Fórsaí ag gníomhú ar ábhair. Neart Is éard is neart ann ná an cumas atá in ábhar na fórsaí seo a leanas a sheasamh: comhbhrú, teannas, lúbadh, toirsiún agus fiaradh.
An neart atá in ábhair Neart Comhbhrúiteach Is é sin an cumas atá in ábhar fórsa comhbhrúiteach a sheasamh, nó an cumas atá ann gan a bheith brúite Neart Teanntachta Is é sin an strus uasta tarraingthe nó teanntachta is féidir le hábhar a sheasamh sula mbrisfidh sé.
An neart atá in ábhair Neart Lúbtha Is é sin an cumas atá in ábhar fórsa lúbtha a sheasamh. Neart Toirsiúnach Is é sin an cumas atá in ábhar fórsa toirsiúnach a sheasamh. .
An neart atá in ábhair Neart Fiartha Is é sin an cumas atá in ábhar fórsa fiartha a sheasamh; gearrann sé an tábhar de ghnáth. .
Ainmnigh rudaí sa seomra ranga/sa bhaile a chaithfidh na fórsaí seo a leanas a sheasamh: Comhbhrú… Teannas…. Lúbadh…. Toirsiún…. Fiaradh….
Airíonna coitianta ábhar TABHAIR FAOI DEARA: FÉADANN NÍOS MÓ NÁ AON AIRÍ AMHÁIN A BHEITH AG ÁBHAR
Airíonna Ábhar Cruas Brisce An cumas atá in ábhar a bheith friotaíoch ar chaitheamh scrábach, ar eangú agus ar scrabhadh. An cumas atá in ábhar a bheith scoilte/briste ina smidiríní go héasca nuair a bhuailtear é. Ábhar an-bhriosc is ea gloine. Ábhar an-chrua is ea diamaint. An féidir leat ábhar briosc eile a ainmniú? An féidir leat ábhar crua eile a ainmniú?
Airíonna Ábhar Righneas Insínteacht An cumas atá in ábhar buillí nó tuairt a sheasamh. Deirtear go bhfuil ábhar insínte nuair is féidir le fórsa teanntachta é a shíneadh go buan gan é a scoilteadh. Ábhar an-righin is ea síoda an damháin dhuibh. An féidir leat ábhar righin eile a ainmniú? Ábhar an-insínte is ea copar. An féidir leat ábhar insínte eile a ainmniú?
Airíonna Ábhar Leaisteachas Intuargainteacht An cumas atá in ábhar a chruth bunaidh a thabhairt ar ais nuair a scaoiltear saor é ó fhórsa a bhí á chur as a riocht. Féadann comhbhrú an t-ábhar a dhíchumadh gan é a scoilteadh ná a réabadh. Ábhar an-leaisteach is ea rubar. An féidir leat ábhar leaisteach eile a ainmniú? Ábhar an-intuargainte is ea ór. An féidir leat ábhar intuargainte eile a ainmniú?
Airíonna Ábhar Seoltacht Inslitheoir Is éard is seoltacht ann ná an cumas atá in ábhar ligean do theas nó leictreachas sreabhadh tríd. Ábhar a choisceann sreabhadh leictreachais nó teasa tríd. Ábhar an-seoltach is ea cruach dhosmálta. Inslitheoir an-mhaith is ea éadach. An féidir leat ábhar seoltach eile a ainmniú? An féidir leat ábhar eile a inslíonn a ainmniú?
Ainmnigh rudaí sa seomra ranga/sa bhaile a bhfuil na hairíonna seo a leanas acu: Insínteacht Leaisteachas Seoltacht Cruas Brisce Inslitheoir Intuargainteacht Righneas
- Slides: 15