3 OBAIR DHIAN TORTHA MAITHE SAN ARDTEISTIMIREACHT Ceisteanna
3. OBAIR DHIAN: TORTHAÍ MAITHE SAN ARDTEISTIMÉIREACHT Ceisteanna: 1. Cá raibh Máire? 2. Cé a bhí ag labhairt léi? 3. Cén t-eolas a bhí uaithi? 4. Cén cúrsa ar mhaith léi déanamh? 5. Cén áit/coláiste ar mhaith léi freastal air? 6. Cé mhéad pointí a bhí uaithi? Freagraí: (cliceáil anseo) Foghraíocht: obair dhian gairmthreoraí ceimic 400 Ollscoil na Gaillimhe 1. Bhí Máire ar scoil, in oifig an ghairmthreoraí 2. Bhí sí ag labhairt leis an ngairmthreoraí 3. Bhí eolas uaithi faoin gcúrsa ceimice i n. Gaillimh 4. Ba mhaith léi ceimic a dhéanamh 5. Ba mhaith léi freastal ar Ollscoil na Gaillimhe 6. Bhí ceithre chéad pointí uaithi
3. OBAIR DHIAN: TORTHAÍ MAITHE SAN ARDTEISTIMÉIREACHT Bhí Máire in oifig an ghairmthreoraí ar scoil. Ba mhaith léi ceimic a dhéanamh tar éis na h. Ardteiste Bhí eolas uaithi faoin gcúrsa ceimice in Ollscoil na Gaillimhe Thug an gairmthreoraí an t-eolas di Bhí ceithre chéad pointí uaithi don chúrsa Bhí a lán obair le déanamh ag Máire don Ardteist
Ceisteanna: 1. Cé a bhí ag caint le Máire? 2. Cad a d’iarr sí uirthi? 3. An ndeachaigh Máire lena cara? 4. Cén fáth? 5. Cad a bhí á dhéanamh ag na buachailllí? Cén spórt a d’imir na buachaillí? Freagraí: 1. Bhí Máire ag caint le cara léi 2. D’iarr a cara uirthi ar mhaith léi dul… - ag siopadóireacht; - ag imirt…; go dtí an phictiúrlann; srl 3. Ní dheachaigh Máire lena cara 4. Bhí a lán obair bhaile aici 5. Bhí na buachaillí ag imirt cispheile
Tar éis scoile bhí Máire ag caint le cara léi. D’iarr a cara uirthi ar mhaith léi dul go dtí an phictiúrlann Ní dheachaigh Máire léi áfach Bhí a lán obair bhaile le déanamh aici Mar sin, chuaigh sí abhaile láithreach bonn
Ceisteanna: 1. Cé a chuir glaoch ar Mháire? 2. Cad a bhí ar siúl? 3. Cá raibh an scannán ar siúl? 4. Cén t-am a bhí an scannán ar siúl? 5. An ndeachaigh Máire go dtí an phictiúrlann? 6. Cén fáth? Cad a bhí le déanamh ag Máire? Freagraí: 1. 2. 3. 4. 5. 6. Chuir Seán glaoch ar Mháire Bhí scannán (iontach) ar siúl Bhí sé i bpictiúrlann an Savoy Bhí sé ar siúl ar a hocht a chlog Ní dheachaigh Máire Bhí aiste le déanamh aici
Chuir Seán glaoch ar Mháire ar an Satharn Bhí scannán iontach ar siúl i bpictiúrlann an Savoy. Bhí sé ar siúl/ag tosnú ag a hocht a chlog D’iarr sé uirthi ar mhaith léi dul Ba mhaith le Máire an scannán a fheiceáil Ní dheachaigh Máire áfach mar bhí aiste le déanamh aici
Ceisteanna: 1. Cad a bhí ar siúl ag Máire? 2. Cá raibh a tuistí? 3. Cén fáth a raibh a Daid buartha fuithi? 4. Cad a dúirt a máthair fuithi? 5. Cén fhad a bhí fágtha roimh an Ardteist Freagraí Foghraíocht: buartha aer úr ciallmhar 1. Bhí Máire ag staidéar go dian 2. Bhí a tuistí sa chistin 3. Bhí a Daid buartha mar ní raibh Máire ag glacadh sosa nó ag fáil aeir úir 4. Dúirt a máthair go raibh sí ciallmhar agus go mbeadh sos aici ag an deireadh seachtaine 5. Bhí cúpla mí fágtha roimh an Ardteist
Bhí Máire ag staidéar go dian dícheallach gach oíche Bhí a Daid buartha mar níor thóg sí sos ar bith agus ní dheachaigh sí amach san aer úr Dúirt a máthair go raibh sí ciallmhar áfach. Bheadh sos aici ag an deireadh seachtaine Ní raibh ach cúpla mí i gceist roimh an Ardteist
Ceisteanna: 1. Cad a bhí i lámh Mháire? 2. Cé mhéad pointí a fuair sí? 3. Cad a cheap a máthair faoi na torthaí? 4. Cad a dúirt a cairde faoi? 5. An raibh Máire sásta? Foghraíocht: 450 tuillte d’oibrigh torthaí na h. Ardteiste Freagraí: 1. Bhí torthaí na h. Ardteiste ina lámh 2. Fuair sí ceithre chéad caoga pointe 3. Cheap sí go raibh sé go hiontach ar fad 4. Dúirt a cairde go raibh sé tuillte go mait aici mar d’oibrigh sí go dian 5. Bhí Máire an-sásta go deo Bhí áthas an domhain uirthi
Faoi dheireadh tháinig lá na cinniúna – Fuair Máire torthaí na h. Ardteiste Fuair sí ceithre chéad caoga pointe Bhí áthas an domhain ar Mháire Cheap a máthair go raibh sé go hiontach ar fad Ghabh a cairde comhghairdeas léi Bhí sé tuillte go maith aici mar d’oibrigh sí go dian
Ceisteanna: 1. Cá ndeachaigh Máire? 2. Cad a bhí ar siúl an lá sin? 3. Conas a mhothaigh Máire? Freagraí: Foghraíocht: clárú 1. Chuaigh Máire go dtí Ollscoil na Gaillimhe 2. Bhí clárú ar siúl do na cúrsaí eolaíochta 3. Bhí Máire an-sásta
Chuaigh Máire go dtí Ollscoil na Gaillimhe Bhí sí ag clárú don chúrsa ceimice / eolaíochta Bhí sí an-sásta go raibh sí ann ar deireadh thiar thall
- Slides: 12