11 Bua sa Se Tallainne Ceisteanna 1 Cad
11. Bua sa Seó Tallainne Ceisteanna: 1. Cad a chonaic Liam agus a chairde? 2. Cad a bhí ar siúl? 3. Cén duais a bhí ar fáil? 4. Cén tallann a bhí ag na buachaillí? 5. Cad a shocraigh siad déanamh? Freagraí: Foghraíocht: seó tallainne duais triail 1. 2. 3. 4. 5. Chonaic siad fógra do seó tallainne Bhí seó tallainne áitiúil ar siúl Bhí míle euro mar duais Bhí tallann ceoil ag na buachaillí Shocraigh siad ar thriail a bhaint as
Ceisteanna: 1. Cad a bhí ar siúl ag na buachaillí? 2. Cén t-ainm a bhí ar an mbanna? 3. Cén uirlisí a sheinn siad? 4. Cad a rinne Liam sa bhanna? 5. Cé mhéad mí ar chleachtaigh siad? Foghraíocht: An Criú Craiceáilte chleachtaigh uirlisí an fhidil amhránaí Freagraí: 1. Bhí siad ag cleachtadh don seó 2. An Criú Craiceáilte ab ainm don bhanna 3. Sheinn siad an fhidil, na drumaí agus an giotár 4. Bhí Liam mar amhránaí Chan Liam sa bhanna 5. Chleachtaigh siad ar feadh trí mhí
Ceisteanna: 1. Cé a bhí ag éisteacht leo? 2. Cad a cheap sé futhu? 3. Cad a dúirt sé leo? 4. Cá raibh an seó tallainne ar siúl? Freagraí: Foghraíocht: feabhas le feabhsú halla an phobail 1. Bhí athair Liam ag éisteacht leo 2. Cheap sé go raibh feabhas mór orthu ach go raibh cúpla rud le feabhsú fós 3. Thug sé cúpla moladh dóibh Dúirt sé leo cúpla rud a thriail 4. Bhí an seó tallainne i halla an phobail
Ceisteanna: 1. Cé a bhí ag caint ar an micreafón? 2. Cad a d’fhógair sé? 3. Cathain a raibh An Criú Craiceáilte ag seinm? 4. Cérbh iad an grúpa deireanach? ? 5. An raibh a lán daoine ag an seó? Freagraí: 1. Bhí an láithreoir/fear an tí ag caint 2. D’fhógair sé go raibh an grúpa deiridh – an Criú Craiceáilte, ag teacht 3. Bhí siad ag seinm ag deireadh an tseó 4. Ba iad An Criú Craiceáilte an grúpa deiridh 5. Bhí slua mór ann
Ceisteanna: 1. Cé leis ar ghabh an láithreoir buíochas? 2. Cé a bhuaigh an comórtas? Cérbh iad na buaiteoirí? 3. Cad a thug sé dóibh? 4. An raibh áthas orthu? Freagraí 1. Ghabh sé buíochas le gach duine sa chomórtas 2. Bhuaigh An Criú Craiceáilte an comórtas Ba iad An Criú Craiceáilte na buaiteoirí 3. Thug sé seic míle euro dóibh 4. Bhí áthas an domhain orthu Foghraíocht: buaiteoirí caighdeán Friotal: standard caighdeán
Ceisteanna: 1. Cá ndeachaigh na buachaillí? 2. Cad is ainm don siopa ceoil? 3. Cad a bhí ar fáil sa siopa? 4. Cén uirlis a bhí ar an mballa? 5. Cá ndeachaigh buachaill amháin? 6. Cad a rinne buachaill amháin leis an airgead? Freagraí: Foghraíocht: An Fonn Mall sladmharagh leathphraghas Friotal: best of music scoth an cheoil ; bargain sladmharagh ; 1. Chuaigh siad go dtí an siopa ceoil 2. An Fonn Mall is ainm don siopa 3. Bhí cúpla sladmharagh ar fáil – bhí rudaí ar leathphraghas 4. Bhí giotáir ar an mballa 5. Chuaigh buachaill amháin go dtí an banc 6. Chuir sé an t-airgead i dtaisce sa bhanc
Bua sa Seó Tallainne Bhí Liam agus a chairde sa bhaile mór Chonaic siad fógra faoi seó tallainne áitiúil Bhí sé ar siúl i halla an phobail i Mí Bealtaine Bhí míle euro mar duais don chomórtas Ba mhaith leo an t-airgead a fháil ar ndóigh! Bhí ceol ag na buachaillí ar fad Shocraigh siad ar triail a bhaint as an seó
Chuir na buachaillí banna le chéile Ghlaoigh siad An Criú Craiceáilte orthu féin Bhí Liam ag canadh agus bhí na buachaillí eile ag seinm Sheinn siad an fhidil, na drumaí agus an giotár Bhí trí mhí acu roimh an gcomórtas Thosaigh na buachaillí ag cleachtadh gach lá
Chuala athair Liam iad ag seinm Cheap sé go raibh feabhas mór orthu ach bhí cúpla rud fós le feabhsú Thug sé cúpla moladh dóibh Faoi dheireadh tháinig lá an tseó Chuaigh siad ar fad go dtí Halla an Phobail Bhí sceitimíní ar na buachaillí
Bhí a lán grúpaí sa chomórtas Bhí An Criú Craiceáilte ag seinm ag deireadh an tseó Faoi dheireadh d’fhógair fear an tí iad Thug gach duine bualadh bos mór dóibh agus chuaigh na buachaillí amach ar an stáitse Bhí siad an-neirbhíseach buíochas le Dia ní raibh aon fhadhb acu Sheinn siad níos fearr ná riamh
Tháinig fear an tí amach ar an stáitse Ghabh sé buíochas le gach duine sa chomórtas Dúirt sé go raibh caighdeán an-ard sa chomórtas Faoi dheireadh d’fhógair sé na buaiteoirí Bhuaigh An Criú Craiceáilte an seó tallainne Thug sé seic míle euro dóibh Bhí áthas an domhain ar na buachaillí
Chuaigh na buachaillí go dtí an siopa ceoil An Fonn Mall ab ainm don siopa Bhí sladmharaigh ar fáil ann – bhí go leor rudaí ar leathphraghas Cheannaigh Liam giotár nua Bhí sé an-sásta Chuaigh Seán go dtí an banc Chuir sé a chuid airgid i dtaisce don choláiste
- Slides: 12